Prótacal Chomhairle Contae Chiarraí chun Déileáil le Gearáin faoi Thorann

1. Intreoir.

D’fhorbair Comhairle Contae Chiarraí le déanaí prótacal freagartha a bhaineann le gearáin faoi thorann a gheobhadh an Chomhairle. Forbraíodh an prótacal seo de réir na moltaí atá leagtha amach i bhfoilseachán an Ghréasáin i gcomhair Comhlíonadh agus Forfheidhmiú Comhshaoil na hÉireann (NIECE): “Prótacal Náisiúnta d’Údaráis Áitiúla chun Déileáil le Gearáin faoi Thorann” (NIECE, 2016).

Is é feidhm an phrótacail an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Eolas soiléir ar na cineálacha gearáin faoi thorann a mbeidh Comhairle Contae Chiarraí sásta déileáil leo agus iad siúd nach mbeidh;
  • Míniúchán ar cén fáth nach ndéileálann Comhairle Contae Chiarraí le cineálacha áirithe gearáin faoi thorann;
  • Eolas ar na nósanna imeachta a bhaineann le gearáin faoi thorann a dhéanamh, le cois mionsonraí faoin eolas agus an leibhéal comhoibrithe nach mór do ghearánach a thabhairt don Chomhairle;
  • Eolas ar na bealaí/gníomhaireachtaí eile atá ar fáil chun dul i gceann gearán faoi thorann.

Tabhair do d’aird gur chóir tagairt a dhéanamh d’fhoilseachán NIECE “Prótacal Náisiúnta d’Údaráis Áitiúla chun Déileáil le Gearáin faoi Thorann” maidir le heolas sainiúil ar cheisteanna torainn agus na nósanna imeachta bainteacha a bhaineann le gearáin faoi thorann.

2. Reachtaíocht agus Téarmaí Bainteacha.

Is iondúil go sainmhínítear “Torann” mar “fuaim nach dteastaíonn” nó “fuaim atá go hard, go gránna nó nach bhfuil súil léi” agus go dtagann cur isteach, lagú nó dochar do shláinte dá bharr.

Is iondúil gur féidir glacadh leis gur “crá croí” é torann má tá sé chomh hard sin, má athdhéantar é, ag tuinairde áirithe nó má mhaireann sé achar ama áirithe go gcuireann sé isteach ar dhaoine.

Is iondúil gur féidir crá croí torainn a aicmiú mar chrá croí “príobháideach” nó crá croí “poiblí”. D’fhonn é a mhíniú, i gcomhthéacs gearán faoi thorann, “crá croí príobháideach” a bheadh i gceist nuair a mheasfaí go mbeadh an torann ag cur isteach ar an duine sult agus úsáid a bhaint as a n-áitreabh agus “crá croí poiblí” a bheadh i gceist nuair a bheifí ag bagairt ar shláinte agus/nó compord an phobail ina iomláine.

Tá roinnt roghanna dlí ar fáil le dul i mbun gearáin faoi thorann. Den chuid is mó, braitheann an bealach áirithe dlí a rachfaí ina cheann chun fadhb torainn a réiteach ar fhoinse an torainn atá i gceist. Ach is é an reachtaíocht a bhfuil an bhaint is dírí aige leis an iomad gearán faoi thorann Acht na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 agus, go háirithe, Ailt 107 agus 108 den Acht.

3. Cineálacha gearáin faoi thorann a bhfuil agus nach bhfuil Comhairle Contae Chiarraí sásta déileáil leo.

Gearáin Anaithnide 

Ní fhiosróidh ná ní thabharfaidh Comhairle Contae Chiarraí faoi ghearáin faoi chrá croí torainn a fhaightear go hanaithnid, as siocair na deacrachta follasaí a bhaineann le tionchar a shainaithint agus a mheas i dtosca den sórt seo.

Gearáin a Bhaineann le Crá Croí Torainn Poiblí

Fiosróidh Comhairle Contae Chiarraí agus, más gá agus indéanta, tabharfaidh siad faoi ghníomh, lena n-áirítear forfheidhmiú maidir le gach gearán den saghas.

Gearáin a Bhaineann le Crá Croí Torainn Príobháideach

Tá dhá phríomhchatagóir gearáin faoi chrá croí torainn príobháideach ann:

  • Crá Croí Torainn Príobháideach ag teacht as foinse thráchtála (msh. torann ó áitreabh tráchtála nó tionsclaíochta, ceol ó bheár srl.) – fiosróidh Comhairle Contae Chiarraí agus, más gá agus indéanta, tabharfaidh siad faoi ghníomh, lena n-áirítear forfheidhmiú maidir le gach gearán den saghas;
  • Crá Croí Torainn Príobháideach ag teacht as foinse tí (msh. cóisirí tí, ceol ard srl.) – Is iondúil go bhfeidhmeoidh Comhairle Contae Chiarraí mar eadránaí ina leithéid de chásanna. Ní tabharfaidh an Chomhairle, áfach, faoi ghníomh forfheidhmiúcháin maidir le gearáin den saghas, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Chuimseofaí le samplaí de chúinsí mar seo, mar a rachfaí i bhfeidhm ar dhuine leochaileach de chuid an phobail (msh. duine aosta, tinn, ar a bhfuil drochshláinte ainsealach). Moltar fosta go bhfaomhfar ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí aon chinneadh le himeacht ón gcur chuige seo (Ceann Rannóige nó níos airde).

 

Tá an prótacal freagartha a bhaineann le gearáin faoin crá croí torainn príobháideach ag éirí as foinsí tí bunaithe ar na nithe seo a leanas –

  1. Foráiltear sa reachtaíocht reatha crá croí torainn (alt 108 d’Acht EPA1992) d’aon duine a dtéann crá croí torainn i bhfeidhm orthu chun gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche agus réiteach na ceiste a iarraidh (Nóta: ní gá ionadaíocht dlí ag duine aonair a thógann cás faoi na forálacha seo).
  2. Faoi láthair níl saineolas, acmhainní agus trealamh monatóireachta inmheánach ag Comhairle Contae Chiarraí is gá le mionfhiosrúcháin agus measúnuithe torainn a dhéanamh. Sna cúinsí seo, is iondúil gur gá conradh a thabhairt do lucht saineolais theicniúil i leith mionfhiosrúcháin ar chrá croí príobháideach torainn le cois tionscnamh gníomh forfheidhmiúcháin dá réir.
  3. Is iondúil gur ghá don té lena mbaineann fianaise a thabhairt in aon chás cúirte a d’éireodh as gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanann Comhairle Contae Chiarraí agus ba dhócha gur chroíghné é seo i gcinntí na cúirte ar cheist den saghas. I gcúinsí den chineál seo, bheadh an chúirt, déanta na fírinne, ag feidhmiú mar chás-bhainisteoir an ghnímh cúirte seachas a bheith mar phríomhpháirtí an ghnímh.

D’ainneoin a bhfuil thuas, beidh cásanna ann i gcónaí nuair nach mian ná nach féidir le Comhairle Contae Chiarraí a bheith páirteach i bhfiosrúcháin gearáin faoi thorann nó má tá bealaí eile níos oiriúnaí ar fáil. I measc samplaí de seo, bheadh torann ag éirí as iompraíocht fhrithshóisialta, nuair a bhaineann an torann le tafann madra, mar a bhfuil foinse an torainn ag áitreabh atá ceadúnaithe ag gníomhaireacht sheachtrach amhail an GCC srl.

Tá eolas ar an gceist seo agus agus ar na bealaí eile atá ar fáil le dul i mbun gearáin faoi thorann sna tosca seo leagtha amach i gCuid 1 d’fhoilseachán NIECE ” Prótacal Náisiúnta d’Údaráis Áitiúla chun Déileáil le Gearáin faoi Thorann” a bhfuil cóip de ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chiarraí.

Lena chois sin, tá eolas an-soiléir ar dhéileáil le crá croí torainn sa doiciméad Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) “Aighnis le Comharsana” atá ar fáil go díreach ó FLAC nó ar a suíomh gréasáin ag www.flac.ie.

4. Gearán a Dhéanamh faoi Chrá Croí Torainn le Comhairle Contae Chiarraí.

Moltar i gcónaí don té lena mbaineann an crá croí torainn gur chóir dóibh ar dtús an cheist a ardú go díreach leis an duine nó na páirtithe atá freagrach as an torann a dhéanamh. Glactar leis, áfach, nach bhfuil sé seo i gcónaí indéanta agus, sna cúinsí seo, go bhféadfaí gur mian leis an té lena mbaineann gearán a dhéanamh.

Ba chóir gearáin faoi chrá croí torainn a dhéanamh go díreach le Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí atá lonnaithe i Sráid na Mainge, Trá Lí. Is féidir gearáin a chur isteach ar an bhfón [066-7162000], de r-phost[environ@kerrycoco.ie], i litir [F/Ch Rannóg Comhshaoil, Comhairle Contae Chiarraí Sráid na Mainge, Trá Lí] nó go pearsanta. Más indéanta, ba chóir gnáthfhoirm Ghearáin Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí a úsáid (cóip ceangailte) chun teagmhais crá croí torainn a thuairisciú agus ba chóir a oiread mionsonraí agus is féidir a thabhairt. Iontrálfar gach gearán a gheofar ar chóras bainistíochta gearán Chomhairle Contae Chiarraí agus déanfar iad a phróiseáil agus a mheas ar aon dul le gnáthnósanna imeachta agus leis an bprótacal seo. Mar a leagadh amach cheana sa phrótacal seo, áfach, ní fhiosróidh ná ní thabharfaidh Comhairle Contae Chiarraí faoi ghearáin anaithnide.

Feidhmeoidh an Rannóg Comhshaoil mar an bpríomhphointe teagmhála agus cumarsáide d’fhormhór na ngearán faoi thorann a chuirfear faoi bhráid Chomhairle Contae Chiarraí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le ceisteanna ar phléigh rannóga eile de chuid na Comhairle leo (msh. Ceisteanna torainn a bhaineann le Forfheidhmiú Pleanála srl.). Ba chóir a thabhairt do d’aird, áfach, gurb í an Rannóg Tithíochta a phléann le fadhbanna torainn a éiríonn as áitribh údarás áitiúil atá ar cíos faoi théarmaí an chomhaontaithe tionóntachta chuí agus, mar sin de, ní Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Chiarraí a bhíonn ag déileáil leo.

5. Fiosrúchán faoi Ghearáin faoi Thorann ag Comhairle Contae Chiarraí.

Tabharfar tús áite d’fhiosrú na ngearán sin a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

Potential Noise Receptors Potential impacts

Highest priority

1.       Medical Treatment /Care centres (e.g., hospitals, crèches   etc.)

2.    Vulnerable persons in the community (chronic illness/disability, elderly)

3.    Schools/colleges

Highest priority

1.    Night time noise/loss of sleep effects

2.    Large numbers affected persons /community wide affect

 

Pléifear le gach gearán eile san ord ina bhfaighfear iad.

Mar chuid d’fhiosrúchán ar bith, d’fheadfadh an Chomhairle a iarraidh ar dhuine atá ag cur gearán faoi thorann isteach loga torainn a chomhlánú maidir leis an gceist agus/nó eolas sonrach eile faoin gceist agus a hiarmhairtí.

Lena chois sin, ba chóir a shonrú, más amhlaidh go dtabharfaidh an Chomhairle faoi ghníomh forfheidhmiúcháin, is dócha go mbeidh d’iallach ar an ngearánach/na gearánaigh ráiteas foirmeálta finné a chur ar fáil ina leagfar amach tionchair an chrá croí torainn ar cháilíocht a mbeatha srl. D’fhéadfadh tionchar a bheith ar chinneadh na Comhairle maidir le gníomh forfheidhmiúcháin mura gcomhlánófaí loga torainn agus/nó ráiteas foirmeálta finné.

Ní dhéanann Comhairle Contae Chiarraí monatóireacht dhíreach ar thorann mar chuid dár nósanna imeachta fiosrúcháin. Má mheastar gá a bheith le monatóireacht torainn, gheobhaidh an Chomhairle seirbhísí speisialtóra a bhfuil na cáilíochtaí cuí teicniúla acu chun monatóireacht den saghas seo a dhéanamh.

Más amhlaidh go ndearbhófar crá croí torainn de thoradh fiosrúcháin, féachfaidh an Chomhairle ar dtús leis an gceist a réiteach go neamhfhoirmeálta. Mura n-éireoidh leis an gcur chuige seo, rachfar i mbun nósanna imeachta foirmeálta forfheidhmiúcháin nuair is gá agus is indéanta ó thaobh an dlí de.

6. Clabhsúr a Chur le Gearáin faoi Thorann

Is ar an mbonn seo a leanas a chuirfear clabhsúr le gearáin a bhaineann le crá croí torainn, i ndiaidh fiosrúcháin agus measúnú ag Comhairle Contae Chiarraí:

  • Tarraingítear an gearán siar;
  • Ní praiticiúil an gearán a fhiosrú;
  • Eisíodh bileoga loga torainn ach níor comhlánaíodh ná níor cuireadh ar ais iad laistigh de cheithre seachtaine;
  • Socraíodh san fhiosrúchán nach ann d’fhianaise ar chrá croí torainn;
  • Socraíodh san fhiosrúchán nach dtarlóidh an fhadhb arís;
  • Socraíodh san fhiosrúchán go bhfuil an cheist lasmuigh de théarmaí tagartha Chomhairle Contae Chiarraí;
  • Réitíodh fadhb an torainn go neamhfhoirmeálta;
  • Rinneadh gníomh foirmeálta forfheidhmiúcháin agus réitíodh fadhb an torainn;
  • Tá an ghníomhaíocht ar foinse an torainn í á dhéanamh de réir coinníoll cuí de chead pleanála;
  • Féadann an té nó na páirtithe atá freagrach as fadhb an torainn a léiriú gur comhlíonadh na dea-chosaintí a leagadh amach in alt 107 agus 108 d’Acht GCC 1992*.

Rannóg Comhshaoil,
Comhairle Contae Chiarraí.
Eanáir, 2017.

*It shall be a good defence, in the case of proceedings under subsection (1) or in a prosecution for a contravention of this section, in the case of noise caused in the course of a trade or business, for the accused to prove that(a) he took all reasonable care to prevent or limit the noise to which the complaint relates by providing, maintaining, using, operating and supervising facilities, or by employing practices or methods of operation, that, having regard to all the circumstances, were suitable for the purposes of such prevention or limitation, or (b) the noise is in accordance with(i) the terms of a licence under this Act, or (ii) regulations under section 106.

Déan teagmháil linn

An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie