Uimhirphlátaí Trádála

Tá an creat dlí a bhaineann le heisiúint Uimhirphlátaí Trádála do Thrádálaithe Mótarfheithiclí nó Sealbhóirí Flít le fáil in Alt 21 de Rialacháin Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1992 agus i Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú Uimh. 2) 1992.

Is uimhirphlátaí cláraithe speisialta iad Uimhirphlátaí Trádála a fhaigheann trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithiclí chun feithiclí a iompar ar an mbóthar a mb’fhéidir nach bhfuil cláraithe nó cáin curtha orthu fós. Teastaíonn Cód Garáiste chun iarratas a dhéanamh ar Uimhirphláta Trádála. Tá an úsáid a bhaineann trádálaithe/deisitheoirí mótarfheithiclí as na huimhirphlátaí seo teoranta d’úsáidí dlisteanachta a bhaineann le gnó mótarfheithiclí. Eisítear iad le haghaidh tréimhse 1 bhliain féilire.  Teastaíonn na nithe seo a leanas chun iarratas a dhéanamh ar Uimhirphláta Trádála:

  1. Iarratas atá comhlánaithe ina iomláine i.e.

– Cód Garáiste  –  ní mór gur díoltóir / garáiste mótarfheithiclí cláraithe leis an Roinn Iompair, Sionainn, Co. an Chláir an t-iarratasóir
– Uimhir CBL (nó Uimhir RSI / PPS má tá an duine dlite cáin ioncaim seachas CBL a íoc).
– Uimhir Chuntais Rátaí
– Luacháil Inrátaithe Áitribh

  1. Ní mór cóip de Pholasaí Árachais an Trádálaí Mótarfheithiclí a cheangal leis an iarratas

An Chatagóir Feithicle

Ceadúnas/Uimhirphláta Trádála Tosaigh

Ceadúnas/Uimhirphláta Trádála Athsholáthair

Gluaisrothar amháin

€59 (uimhirphláta singil)

€38 (uimhirphláta singil)

Gach feithicil eile

€353 (dhá uimhirphláta)

€86 (dhá uimhirphláta)

Chun iarratas a dhéanamh ar chód garáiste, déan teagmháil leis an Roinn Iompair i Sionainn, Co. an Chláir.

Tabhair faoi deara, nach mbeidh Uimhirphlátaí Trádála ar fáil ach ó mhí na Nollag na bliana roimhe sin (e.g. beidh uimhirphlátaí trádála le haghaidh 2018 ar fáil do Gharáistí ó mhí na Nollag 2017)

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie