Ceadúnais Leantóra

Leantóirí nua nó iompórtáilte a Cheadúnú den Chéad Uair:

Teastaíonn na nithe seo a leanas chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnú den chéad uair:

  1. Foirm iarratais TF100
  2. Deimhniú Aitheantais Meáchain TF300A, agus ceann acu seo a leanas i gceangal leis:-
    a)  I ndáil le leantóirí nua, ní mór cóip den deimhniú cineálcheadaithe a cheangal leis an bhfoirm seo
    b)  I ndáil le leantóirí iompórtáilte, ní mór don iarratasóir an Deimhniú Cláraithe a sholáthar ón mBallstát ábhartha nó litir ón Údarás Náisiúnta Clárúcháin / Ceadúnaithe Leantóirí.
  3. Táille €60

Gach leantóir eile nach mbaineann leis an scóip chineálcheadaithe a Cheadúnú den Chéad Uair, i.e. leantóirí déanta roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012 NÓ Leantóirí deartha agus tógtha le bheith á dtarraingt go heisiach ag tarracóirí talmhaíochta nó leantóirí deartha agus tógtha go heisiach le húsáid ag Óglaigh na hÉireann, Cosaint Shibhialta, An Garda Síochána nó Seirbhísí Dóiteáin.  

Teastaíonn na nithe seo a leanas chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnú den chéad uair:

  1. Foirm iarratais TF100
  2. Deimhniú Aitheantais Meáchain TF300B – tá an fhoirm seo le comhlánú ag
    a)  an déantóir, nó,
    b)  sa chás nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an déantóir, ní mór d’Ionad Tástála Ceadaithe (ITC) Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an fhoirm a chomhlánú – tá an liosta iomlán ITCanna le fáil ag nsai.ie
  3. Táille €60

Chun Ceadúnas Leantóra a athnuachan go bliantúil, teastóidh na nithe seo a leanas uait

  1. Foirm iarratais TF100
  2. Cárta ceadúnais TF5

Níl aon cheanglas ann níos mó go mbeadh Ráiteas Pas nó Deimhniú Ródacmhainneachta á chur ar fáil ag úinéir don Oifig Mótarchánach de bhrí go bhfuil torthaí tástála feithicle á dtaifeadadh ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre anois.  

Chun athrú ar shonraí maidir leis an úinéir nó feithicil a fhógairt teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Foirm iarratais TF100 chun aon athrú sonraí maidir leis an úinéir a fhógairt, NÓ,
    Foirm iarratais TF300B chun aon athrú sonraí maidir leis an bhfeithicil a fhógairt
  2. Cárta ceadúnais TF5

Chun díolachán leantóra a fhógairt, teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Foirm TF200 maidir le haistriú a fhógairt, comhlánaithe ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir
  2. Cárta ceadúnais TF5 curtha ar fáil ag an úinéir nua

Más mian leat a fhógairt go bhfuil leantóir traipisithe, scriosta nó easpórtáilte, teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Fógra i scríbhinn maidir le traipisiú / scrios / easpórtáil
  2. Cárta Ceadúnais Ghéillte TF5

 Chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Ceadúnais Leantóra athsholáthair, teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Foirm Iarratais RF134
  2. Táille €6

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie