Doiciméid Athsholáthair

Tá an ceanglas iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm sceidealaithe agus an táille chuí a íoc sonraithe i Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú) 1992.
Má theastaíonn doiciméad athsholáthair uait le haghaidh aon cheann díobh seo a leanas, ní mór Foirm RF134 a chomhlánú agus go mbeadh finné ó An Garda Síochána i láthair ag stáisiún an Gharda Síochána agus ní mór an fhoirm a chur ar fáil nó a chur sa phost i dteannta leis an táille chuí chuig An Oifig Mótarchánach, Comhairle Contae Chiarraí, Cé an Phrionsaigh, Trá Lí, Co. Chiarraí. Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le ‘Oifig Mótarchánach Chiarraí’.

Is féidir na doiciméid seo a leanas a athsholáthar agus seo a leanas an costas atá luaite leo:-

  • Deimhniú Cláraithe Feithicle/Logleabhar €12
  •  Diosca Cánach €6
  • Ceadúnas Leantóra €6
  • Uimhirphláta Trádála (gluaisrothar) €38
  •  Uimhirphláta Trádála (gach feithicil eile) €86

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie