Dearbhú maidir le Feithicil nach bhfuil ar an mBóthar

Tá na nósanna imeachta agus amscálaí a bhaineann le neamhúsáid feithicle a dhearbhú sonraithe in Acht um Neamhúsáid Mótarfheithiclí 2013.

Mura mbeidh d’fheithicil in úsáid agat, agus mura mbeidh an fheithicil á fágáil in áit phoiblí, beidh tú in ann a dhearbhú nach bhfuil an fheithicil ar an mbóthar trí fhoirm RF150 a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’oifig mótarchánach áitiúil. Nó, is féidir leat a dhearbhú nach bhfuil d’fheithicil ar an mbóthar ag www.motortax.ie má sheoltar PIN chugat le do mheabhrúchán mótarchánach.

Is é 3 mhí an tréimhse íosta, agus is é 12 mhí féilire an tréimhse uasta i.e. ní féidir leat a dhearbhú nach bhfuil feithicil ar an mbóthar le haghaidh mí amháin nó dhá mhí. Ní mór go mbeadh míonna féilire iomlána luaite ar an dearbhú, ag tosú ar an gcéad lá de mhí agus ag críochnú ar an lá deiridh de mhí. Seolfar deimhniú chuig gach duine a sheolann iarratas comhlánaithe ar aghaidh, tríd an bpost nó ar an láthair má thugann an duine an dearbhú chomh fada lena (h)oifig mótarchánach áitiúil.

Ní mór duit do dhearbhú maidir le feithicil nach mbeidh ar an mbóthar a dhéanamh roimh ré. Tá sé tábhachtach, dá réir sin, má tá an dearbhú á sheoladh sa phost agat, go gcinnteoidh tú go mbeidh dóthain ama ann chun é sheoladh chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil faoin dáta dlite mar nach mór an dearbhú a dhéanamh:

  • I rith na míosa ina bhfuil do dhiosca mótarchánach reatha ag dul in éag. Ní féidir leat a dhearbhú nach bhfuil an fheithicil ar an mbóthar ina dhiaidh sin nó má tá riaráistí dlite – caithfear na riaráistí a íoc agus caithfear cáin a chur ar an bhfeithicil le haghaidh íosmhéid trí mhí sula mbeidh cead agat a dhearbhú nach bhfuil an fheithicil ar an mbóthar.
  • I rith na míosa ina dtéann do dhearbhú neamhúsáide reatha in éag, is féidir leat dearbhú nua a dhéanamh le haghaidh tréimhse idir 3 – 12 mhí bhreise. Is féidir é seo a dhéanamh arís agus arís eile má tá sé beartaithe agat an fheithicil a choinneáil den bhóthar.
  •  Má tá feithicil nua/iompórtáilte agat nó má tá feithicil dara láimhe faighte agat agus nach bhfuil sé beartaithe agat é a úsáid láithreach, beidh 21 lá agat ón dáta ceannaigh (mar atá sonraithe sa doiciméad cláraithe nó san fhógra maidir le hathrú úinéireachta feithicle) chun dearbhú neamhúsáide a chur ar fáil.

Má tá aon cheist eile agat ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig mótarchánach áitiúil, nó le Rannán na Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe & Feithiclí ag an uimhir 0818 411 412, nó ríomhphost a sheoladh chuig motortax@dttas.ie.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie