Clárú Leantóirí

  • Céad Chlárú Leantóir Nua/Iompórtáilte
  • Ceadúnas Leantóra a Athnuachan Cláraítear leantóirí le hOifigí Mótarchánach agus ní leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tosaíonn Leantóirí atá cláraithe i gCiarraí leis na litreacha BF.

Cláróidh Oifig Mótarchánach Chiarraí an Leantóir/Leathleantóir agus eiseofar Ceadúnas Leantóra/Leathleantóra (Cárta Leantóra).

Ceanglais a bhaineann le céad cheadúnú / céad chlárú Leantóirí Earraí Troma
Ba cheart go dtuigfeadh oibritheoirí HGV ón 29 Deireadh Fómhair 2012 ar aghaidh nach mór Deimhniú Cineálcheadaithe a chur ar fáil le haghaidh catagóirí áirithe Leantóirí Earraí Troma (i.e. Leantóirí ag a bhfuil Ollmheáchan Ceaptha Feithicle (OCF) sa bhreis ar 3500kg) ionas gur féidir iad a cheadúnú den chéad uair in Éirinn. Is dearbhú é Deimhniú Cineálcheadaithe go bhfuil caighdeáin fhorordaithe sábháilteachta agus chomhshaoil á gcomhlíonadh ag leantóir. Seo thíos na catagóirí a bhaineann le hábhar:-

  • Leantóirí déanta ar nó i ndiaidh an 29 Deireadh Fómhair 2012 in aon chéim amháin ag déantóir amháin.
  • Leantóirí déanta ar nó i ndiaidh an 29 Deireadh Fómhair 2013 in níos mó ná céim amháin i.e ag níos mó ná déantóir amháin. (Leantóirí críochnaithe)
  • Leantóirí Sainchuspóireacha déanta ar nó i ndiaidh an 29 Deireadh Fómhair 2014.

Soláthróidh an dáileoir / déantóir deimhniú cineálcheadaithe nuair a cheannaíonn tú do Leantóir agus tá Deimhnithe Ceadaithe CE nó Éireannacha inghlactha.

Chun ceadúnas a fháil le haghaidh aon cheann de na leantóirí sna catagóirí thuasluaite ní mór d’úinéir an leantóra na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil don Oifig Mótarchánach, i dteannta leis an táille chlárúcháin €60.00:

  1. Foirm TF100, ar a bhfuil sonraí maidir le húinéir an leantóra agus saintréithe áirithe an leantóra (e.g. uimhir fonnaidh) agus
  1. Foirm TF300A (foirm TF300 roimhe seo) arb ionann é agus Deimhniú Aitheantais Meáchain. Ba cheart don déantóir / tiomsaitheoir nó a g(h)níomhaire údaraithe an deimhniú seo a chomhlánú agus a stampáil. Ní mór cóip den Deimhniú Cineálcheadaithe a cheangal leis an bhfoirm seo.

 

Díolúintí:
Tá Leantóirí Earraí Troma atá deartha le bheith á dtarraingt go heisiach ag tarracóirí talmhaíochta agus leantóirí atá deartha agus tógtha le húsáid go heisiach ag Óglaigh na hÉireann, Cosaint Shibhialta, An Garda Síochána nó na Seirbhísí Dóiteáin díolmhaithe ón gceanglas Deimhniú Cineálcheadaithe a bheith acu, beag beann ar an dáta déantúsaíochta.

Leantóirí Iompórtáilte:
Chun leantóir a cheadúnú a bhí cláraithe i mBallstát AE eile roimhe seo, tá an próiseas thuasluaite i gceist. Ceanglófar ort, áfach, fianaise a sholáthar maidir le clárú nó ceadúnú roimhe seo i mBallstát eile ar d’Fhoirm TF300A. Tá Deimhniú Clárúcháin ón mBallstát iomchuí nó litir ón Údarás Náisiúnta Clárúcháin/Ceadúnaithe Leantóirí inghlactha.

Maidir le leantóirí nach mbaineann le haon cheann de na catagóirí luaite anseo, i.e. na catagóirí seo a leanas:

  • Leantóirí déanta roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012
  • Leantóirí críochnaithe i níos mó ná céim amháin roimh an 29 Deireadh Fómhair 2013
  • Leantóirí sainchuspóireacha déanta roimh an 29 Deireadh Fómhair 2014
  • Leantóirí atá deartha le bheith á dtarraingt go heisiach ag leantóirí talmhaíochta agus leantóirí atá deartha agus tógtha go heisiach le húsáid ag Óglaigh na hÉireann, cosaint shibhialta, An Garda Síochána nó seirbhísí dóiteáin

Níl Teastas Cineálcheadaithe riachtanach. Tá an fhreagracht dhlíthiúil ar gach úinéir feithicle a chinntiú, áfach, go bhfuil reachtaíocht iomchuí maidir le Trácht ar Bhóithre á comhlíonadh ag aon fheithicil atá in úsáid in áit phoiblí.

Chun leantóir a chlárú / a cheadúnú sna catagóirí seo ní mór d’úinéir an leantóra na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil don Oifig Mótarchánach, i dteannta leis an táille chlárúcháin €60.00:

  1. Foirm TF100, ar a bhfuil sonraí maidir le húinéir an leantóra agus saintréithe áirithe an leantóra (e.g. uimhir fonnaidh) agus
  2. Foirm TF300B (TF300 roimhe seo). Ní mór don déantóir an fhoirm seo a chomhlánú nó sa chás nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an déantóir ní mór d’Ionad Tástála Ceadaithe (ITC) Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an fhoirm a chomhlánú. Áirítear i measc na sonraí atá le fíorú an dáta déantúsaíochta agus meáchain acastóra ar leith don leantóir. Tá liosta iomlán de na ITCanna le fáil ar shuíomh gréasáin NSAI – www.nsai.ie

Ceadúnas Leantóra a Athnuachan:

Céim 1: Deimhniú Ródacmhainneachta
Teastaíonn Deimhniú Ródacmhainneachta le haghaidh Leantóirí/Leathleantóirí atá ceadúnaithe sa tír seo le haghaidh 1 bhliain nó níos mó.

Mura bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta (DRA) reatha ag d’fheithicle Leantóra/Leathleantóra ní mór duit Ráiteas Pas DOE (An Roinn Comhshaoil) a sholáthar atá eisithe ag Ionad Tástála Údaraithe DOE, i dteannta leis an táille chuí (€13.00 le haghaidh Feithiclí Earraí Troma), chun DRA a fháil.

Amharc ar Thástálaithe Údaraithe Feithiclí Earraí Troma

Céim 2: Seol Doiciméid ar ais chugainn

  • Seol Cárta Leantóra le Deimhniú Ródacmhainneachta Reatha nó Ráiteas Pas DOE ó Ionad Tástála Údaraithe chugainn ag an seoladh thíos.
  • Táille cheart DRA – €13.00 (infheidhme má tá Ráiteas Pas á sholáthar) iníoctha le Comhairle Contae Chiarraí – ná seol airgead tríd an bpost

 

Tabhair faoi deara: Tá an táille le haghaidh athnuachan Ceadúnas Leantóra cealaithe le haghaidh tréimhsí ar nó i ndiaidh an 1 Aibreán 2001 faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Ceadúnú Leantóirí agus Leathleantóirí) (Leasú), 2001. Tá ceanglais dhlíthiúla fós ann an ceadúnas leantóra a athnuachan agus Deimhniú Ródacmhainneachta bailí a sholáthar don leantóir/leathleantóir.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie