Aisíocaíochtaí Mótarchánach

Ní féidir aisíocaíochtaí mótarchánach a dhéanamh ach go leictreonach chuig cuntas bainc an iarratasóra.

Is féidir iarratais le haghaidh mótarchánach a chur chuig an oifig mótarchánach áitiúil, ar Foirm RF120 i dteannta leis an bhfoirm EFT comhlánaithe ina hiomláine, go ginearálta in imthosca nuair atá

  • An fheithicil traipisithe/scriosta (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) nó seolta amach as an Stát go buan, nó
  • Tá an fheithicil goidte agus níl sé bainte ag an úinéir, nó
  • Tá úinéir na feithicle i ndiaidh éirí as an bhfeithicil a úsáid mar thoradh ar thinneas, gortú nó míchumas fisiciúil eile, nó míchumas fisiciúil, nó
  • Tá úinéir na feithicle i ndiaidh éirí as an bhfeithicil a úsáid mar gheall ar neamhláithreacht ón Stát chun críocha gnó nó oideachais, nó
  • Tá úinéir na feithicle i ndiaidh éirí as an bhfeithicil a úsáid mar go bhfuil sé/sí i mbun seirbhíse thar lear le hÓglaigh na hÉireann.

Tabhair faoi deara, i ndáil le hiarratais sna himthosca sonraithe ag uimhir 3 thuas nach mór an diosca bunaidh a thabhairt ar ais don oifig mótarchánach áitiúil roimh an dáta tosaigh.

Tá sé tábhachtach a thuiscint nach mór don iarratasóir an diosca cánach ábhartha a ghéilleadh láithreach de bhrí go ginearálta go ndéantar aisíocaíochtaí a ríomh ón gcéad lá den mhí i ndiaidh an diosca a ghéilleadh.

Ní mór go mbeadh íosmhéid de thrí mhí féilire neamhéagtha ar an diosca nuair a ghéilltear an diosca.

Má theastaíonn tuilleadh eolais faoi Aisíocaíochtaí uait déan teagmháil le hOifig Mótarchánach Chiarraí nó ar líne ag www.motortax.ie

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie