Athrú Úinéireachta

Feithiclí a cláraíodh i ndiaidh 1993: Is é an tAonad Cláraithe Feithicle, Sionainn, Co. an Chláir a bheidh ag déileáil leis seo.

Na doiciméid atá le cur ar fáil:
• Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle / Deimhniú Cláraithe Feithicle (RF101) – An Rannóg um Athrú Úinéireachta ar chúl an Deimhnithe comhlánaithe ina hiomláine ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil dáta an díolacháin agus sínithe an dá pháirtí comhlánaithe ina n-iomláine. Ní mór don díoltóir an doiciméad seo a sheoladh chuig an Roinn Iompair, Sionainn, Co. an Chláir áit a ndéanfar an úinéireacht a nuashonrú agus Deimhniú Cláraithe nua a eisiúint d’úinéir nua na feithicle.
• Má tá athrú úinéireachta i gceist nó más mian leis an úinéir nua cáin a chur ar an bhfeithicil, ba cheart an Deimhniú Cláraithe / Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle a sheoladh chuig an Oifig Mótarchánach, i dteannta le Foirm Athnuachana Mótarchánach RF100A, comhlánaithe ina hiomláine ag úinéir nua na feithicle, agus an táille chuí chun cáin a chur ar an bhfeithicil. Is féidir leis an Oifig Mótarchánach úinéireacht na feithicle a athrú agus cáin a chur ar an bhfeithicil ag an am céanna agus eiseofar Deimhniú Cláraithe nua go huathoibríoch d’úinéir cláraithe nua na feithicle.

Feithiclí a cláraíodh roimh 1993: is é an Oifig Mótarchánach áitiúil a dhéileálann le (Seanleabhair Chláraithe donna / Logleabhair).
Na doiciméid atá le cur ar fáil:
• Foirm RF200 (ar fáil ó Oifigí Mótarchánach) le comhlánú ina hiomláine agus le síniú ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir
• Leabhar Clárúcháin (logleabhar)

Trádáil Isteach / Díol le Garáiste / Díoltóir Mótarfheithiclí:
• Foirm RF105 le comhlánú agus le seoladh chuig Oifigí Mótarchánach agus an Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle/Deimhniú Cláraithe Feithicle le seoladh chuig an nGaráiste / Díoltóir Mótarfheithiclí.

Tabhair faoi deara: Go dtí go mbíonn an Oifig Mótarchánach nó an tAonad Cláraithe Feithicle i Sionainn curtha ar an eolas faoi athrú úinéireachta, ba cheart duit leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar an t-úinéir cláraithe dhlíthiúil agus, dá réir sin, tá tú faoi dhliteanas de réir an dlí le haghaidh aon fhíneálacha nó aon phionós tabhaithe i ndáil leis an bhfeithicil ag an úinéir nua.

Feithiclí Iompórtáilte agus Nua-Chláraithe – cáin a chur ar fheithicil den chéad uair in Éirinn:
• Foirm RF200 (ar fáil ó Oifigí Mótarchánach) le comhlánú ina hiomláine agus le síniú ag an díoltóir agus ag an gceannaitheoir
• Foirm RF100 eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, comhlánaithe ina hiomláine ag úinéir nua na feithicle (i dteannta le haon doiciméid ábhartha eile a bhaineann leis an bhfeithicil i gceist) Tabhair faoi deara: Go dtí go mbíonn an Oifig Mótarchánach nó an tAonad Cláraithe Feithicle i Sionainn curtha ar an eolas faoi athrú úinéireachta, ba cheart duit leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar an t-úinéir cláraithe dhlíthiúil agus, dá réir sin, tá tú faoi dhliteanas de réir an dlí le haghaidh aon fhíneálacha nó aon phionós tabhaithe i ndáil leis an bhfeithicil ag an úinéir nua.

Tabhair faoi deara:– Sa chás gur Garáiste é díoltóir nó ceannaitheoir na feithicle, ní mór don Gharáiste cúl an Deimhnithe Cláraithe Feithicle (foirm RF101) a stampáil le Stampa Oifigiúil an Gharáiste.

Dáta Díolacháin Mhícheart ar Dheimhniú Cláraithe Feithicle
Má theastaíonn eolas uait maidir le dáta díolacháin a cheartú/a leasú cliceáil ar www.motortax.ie

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie