Liosta de Dhroichid Meáite Údaraithe i gCo. Chiarraí

Droichid Meáite Ceaptha – Alt d’Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960 agus Alt 15(1) (a) d’Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

Údarás Ceadúnaithe – Comhairle Contae Chiarraí

Ní mór go mbeadh an meá ar fad chun críocha Mhótarcháin Chiarraí á dhéanamh ag droichead meáite atá ceadaithe agus ceaptha ag Mótarcháin Chiarraí:

Droichid Meáite Údaraithe:

  • Stáisiún Aistrithe Dramhaíola Bhaile Uí Bhioráin, Baile Uí Bhioráin, Baile an Mhuilinn.
  • Stáisiún Aistrithe Dramhaíola Chúil Chaisleach, Cúil Chaisleach, Cill Airne
  • Stáisiún Aistrithe Dramhaíola Chathair Saidhbhín, Inse Mhac Thaidhg, Cathair Saidhbhín
  • Stáisiún Aistrithe Dramhaíola Neidín, Cladán an Iúir, Neidín
  • Kellihers Agri Feeds, Béal Átha an Mhuilinn, Trá Lí.
  • JJ Walsh Scrap Metal ltd, Leic Snámha, Trá Lí, Co. Chiarraí

Ní mór d’Fheithiclí (Earraí) Tráchtála duillín meáchain bhailí ó dhroichead meáite údaraithe a sholáthar a eisíodh le 3 lá oibre anuas nuair a cheanglaítear a leithéid a sholáthar mar chuid d’iarratas mótarchánach.

Teastaíonn duilllín meáchain bhailí:
– Má tá meáchan gan ualach na feithicle níos mó ná nó cothrom le 1524 kg NÓ
– Mura bhfuil aon mheáchan don fheithicil taifeadta ar an gCóras Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe (NVDF) Mótarchánach NÓ
– Tá meáchan na feithicle athraithe ó céadchláraíodh an fheithicil.
– Is féidir aon fhiosrúcháin a bhaineann leis an gceanglas duillín meáchain a sholáthar a phlé le d’Oifig Mótarchánach áitiúil.
– Tá aon táille a bhaineann le meá iníoctha le hoibritheoir an droichid meáite ag úinéir cláraithe na feithicle.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie