Feithiclí Iompórtáilte

Nósanna Imeachta Athbhreithnithe Cláraithe Feithicle:
Tá an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (NCTS) ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim chun raon feidhmeanna cláraithe feithicle a chur i gcrích thar a ceann.

Ón 1 Mheán Fómhair 2010, ní bheidh sé indéanta feithicil a chlárú in Oifig Chlárúcháin na gCoimisinéirí Ioncaim (OCCI). Seachas sin, ní mór an fheithicil a thabhairt chomh fada le hIonad NTC chun í a chlárú.

Ní mór duit do choinne le NCTS a chur in áirithe laistigh de 7 lá ón bhfeithicil a thabhairt isteach sa Stát agus ní mór an próiseas clárúcháin a chur i gcrích laistigh de 30 lá i ndiaidh an fheithicil a thabhairt isteach sa Stát.

Tá tuilleadh eolais maidir le conas d’fheithicil a chlárú le fáil ag: www.ncts.ie/vrt
Tá tuilleadh eolais maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí le fáil ag: www.revenue.ie/en/tax/vrt/index.html

Doiciméid Riachtanacha chun cáin a chur ar fheithiclí iompórtáilte den chéad uair:

Feithiclí Príobháideacha:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.

Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)

Feithiclí Earraí (Tráchtála):
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Mótarcharbháin / Veaineanna Campála:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• I ndáil le Mótarcharbháin / Veaineanna Campála, ní mór an fheithicil a chur ar fáil d’Oifig Mótarchánach Chiarraí lena n-iniúchadh roimh cháin a chur ar an bhfeithicil.

Tarracóirí Talmhaíochta:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• I ndáil le Tarracóirí Talmhaíochta (arb é feirmeoireacht príomhghairm/an t-aon ghairm atá ag an iarratasóir), ní mór don úinéir cláraithe Deimhniú Tarracóir Tráchtála (atá ar fáil ón Oifig Mótarchánach) a chomhlánú agus go mbeadh finné i láthair ag Oifig Mótarchánach Chiarraí nó ag Stáisiún an Gharda Síochána agus ní mór an Deimhniú a chur ar fáil i dteannta leis an iarratas mótarchánach.

Feithiclí Tarrthála:
Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• Ní mór feithiclí tarrthála a thabhairt chomh fada leis an Oifig Mótarchánach lena n-iniúchadh roimh cháin a chur orthu.

Feithiclí PSV/Busanna Scoile:
• Foirm RF100 (ar fáil ón Díoltóir Mótarfheithiclí) comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe.
• Táille (cliceáil anseo le haghaidh eolais faoi rátaí mótarchánach reatha)
• I ndáil le Feithiclí PSV agus Busanna Scoile, ní mór go mbeadh Ceadúnas Bailí PSV, nó Airteagal 60 i gcás Busanna Scoile, leis an iarratas.

 

Sonraí Teagmhála

An Oifig Mótarchánach,
Oifigí Chomhairle Contae Chiarraí,
Cé an Phrionsaigh,
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teil: 066/7122300
Facs: 066/7122595
Ríomhphost: motortax@kerrycoco.ie