Scéim Cúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le linn Covid (SBASC)

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag éileamh ar ghnólachtaí ábhartha atá ag feidhmiú ó áitribh le ráta tráchtála leas a bhaint as ciste na Scéime Cúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le linn Covid (SBASC) a chabhróidh le costais sheasta tar éis thionchar leanúnach srianta Covid-19.

Tá an deontas ar fáil mar ranníocaíocht i dtreo costais sheasta chun cabhrú le gnólachtaí fanúint ag feidhmiú le haghaidh athoscailt faoi dheireadh. Tá sé beartaithe do ghnólachtaí a bhfuil costais oibriúcháin acu nach gcáilíonn don Scéim Tacaíochta Srianta COVID (CRSS),  a fheidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Clúdaíonn an scéim an tréimhse 1 Eanáir 2021 go 30 Meitheamh 2021. Gheobhaidh gach iarratasóir incháilithe íocaíocht de €4,000 le híocaíocht bhreise de €4,000 ó Bhealtaine 2021 le hiarratasóirí a leanfaidh de chritéir incháilitheachta na scéime a chomhlíonadh.

Scéim Chúnaimh do Ghnóthais Bheaga le haghaidh COVID Foirm iarratais

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680