Gradam Pobail / Ómós Áite

Gradaim Pobail Chiarraí

Tá Coiste Gradam Pobail Chiarraí déanta suas d’ionadaithe ó Líonra Rannpháirtíocht Phoiblí Chiarraí (LRPC), Comhairle Contae Chiarraí, nuachtán The Kerryman, Comhlacht Forbartha Áitiúla (FCTTT), Údarár na Gaeltachta, Comhair Chreidmheasa agus an chomhlacht Southern Marketing Design Media.

Cuspóir Gradam Pobail Chiarraí ná aitheantas a thabhairt d’obair na hearnála pobail agus deonach a iarrann feabhas a chur ar chaighdeán beatha Sóisialta, Eacnaimíoch, Cultúrtha agus Timpeallachta ár bpobal áitiúil, idir tuaithe agus uirbeach. Tá Gradaim Pobail Chiarraí oscailte do gach grúpa pobail nó deonach atá bunaithe sa chontae, is cuma a mhéid ná a ionad. Is gá do ghrúpaí a bheith ag cabhrú, tacú nó saibhriú lena bpobal ar shlí éigin sóisialta nó eacnaimíoch.

Reachtáltar Searmanas Gradam Aitheantais Bliantúil i ndiaidh moltóireacht na n-iarratas, leis an deich n-iontráil is fearr (Buaiteoirí Óir) agus an chéad deich eile (Buaiteoirí Airgid) ag fáil duais airgid agus trófaí.

Nuair a bhíonn an comórtas oscailte d’iarratais bíonn sonraí na háite gur féidir teacht ar an bhfoirm iarratais agus na treoirlíte ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chiarraí ag www.kerrycoco.ie

Duaiseanna Náisiúnta Ómós Áite, i gcomhpháirt le Co-operation Ireland.
Tugtar cuireadh d’údaráis áitiúla ar fud 32 chontae na tíre iontrálacha a ainmniú ar bhonn bliantúil. Roghnaítear iontrálacha Chomhairle Contae Chiarraí go hÓmós Áite ó Ghradaim Pobail Chiarraí. An fócas atá ag Ómós Áite ná daoine ag teacht le chéile chun saol laethiúil a bpobal áitiúil a athrú ar shlí dhearfach. Feidhm an chomórtais ná aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl ar bhonn laethiúil i bpobail ar fud oileán Éireann. Tá an comórtas bunaithe ar phobail ag léiriú a mbróid ina gceantar féin. Tar éis moltóireachta, reachtátar Searmanas Gradam Náisiúnta bliantúil mar aitheantas ar obair ghrúpaí pobail.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680