Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte Imlíne Scéim 2023

Léiriú Spéise – An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, 2023

Imlíne Scéime (PDF)

Foirm um Léiriú Spéise (Doic. Word)

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag lorg ‘Léirithe Spéise’ ó ghrúpaí/eagraíochtaí a bhféadfadh tionscadail oiriúnacha a bheith acu le breithniú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, 2023. D’fhorbair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an scéim seo chun tacú le bearta a athnuann bailte agus sráidbhailte tuaithe agus uirbeacha ar fud na hÉireann.

Tá Scéim 2023 deartha chun tacú le hathnuachan na tuaithe in Éirinn trí fhócas athnuaite ar théarnamh agus athbheochan eacnamaíoch agus shóisialta i lár an bhaile. Bainfear é seo amach trí thionscadail a dhíreoidh ar athnuachan lár an bhaile, ag feabhsú ár sráid-dreacha, agus ag tabhairt foirgnimh fholmha thréigthe ar ais in úsáid mar spásanna ilchuspóireacha pobail trí athfheistiú agus athchóiriú.

Beidh an liosta táscach gníomhaíochtaí seo a leanas (nach bhfuil uileghabhálach) incháilithe i gcomhair maoinithe faoi scéim 2023

  • Tionscadail athbheochana a chuidíonn le hathbheochan ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe de réir an Pholasaí Lár Bailte ar dTús, trí athbheochan phleanáilte agus inbhuanaithe agus trí fhorbairt a dhéanamh ar thionscadail a spreagfaidh gníomhaíocht gheilleagrach agus líon custaiméirí níos fearr, a thabharfaidh aghaidh ar fholúntas agus tréigean agus a chinnteoidh athúsáid na hoidhreachta agus athúsáid foirgnimh eile atá ann cheana. (Ní thacófar le tionscadail forbartha/feabhsaithe cosán ar féidir iad a mhaoiniú tríd an gClár Infheistíochta Taistil Ghníomhaigh).
  • Ceannach Talún i Lár Bailte a thacaíonn le hÚdaráis Áitiúla chun tionscadail athghiniúna bailte/dírithe ar an bpobal a fhorbairt (lena n-áirítear páirceanna/pláis bhaile, b’fhéidir, forbairt réadmhaoine mórthimpeall atá faoi úinéireacht an Údaráis Áitiúil cheana féin srl).
  • Athchóiriú nó athfheistiú ar ionaid phobail atá ann cheana. (I gcás go bhfuil riachtanas / réasúnaíocht aitheanta go soiléir) (baineann ceistneoir breise leis seo).
  • Tionscadail chun tacú le bunú margaí lár baile nó sráidbhaile (m.sh., margaí feirmeoirí, margaí faoin aer, margaí trádálaithe áitiúla, margaí ceardaithe nó a leithéid).
  • Tionscadail chun pláis lár baile/sráidbhaile a fhorbairt, spásanna bia poiblí lasmuigh, páirceanna, spásanna glasa (lena n-áirítear cuibhrinn agus gairdíní pobail) agus spásanna/áiseanna áineasa (lena n-áirítear áiseanna spóirt faoin aer mar pháirceanna scátála, cúirteanna cispheile, cúirteanna leadóige, srl).
  • Tionscadail chun tacú le huasghrádú agus feabhsú aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide (múrphictiúir san áireamh) i mbailte agus i sráidbhailte.
  • Tionscadail a thugann foirgnimh agus láithreáin atá folamh agus tréigthe ar ais in úsáid mar spásanna ilchuspóra.. Áirítear le húsáid ilchuspóireach spásanna fiontair, na healaíona, turasóireacht, moil óige agus úsáidí pobail eile.
  • Tionscadail a thugann áitribh fholmha i Lár Bailte ar ais in úsáid mar Mhoil Chianoibre.

Beidh sé riachtanach a léiriú go soiléir go bhfuil éileamh ar a leithéid de shaoráid.  Tá sé seo deartha chun a chinntiú go bhfuil cás gnó fónta ann do mhol nua.

  • Feachtais mhargaíochta dírithe ar chianoibrithe agus tallann soghluaiste a mhealladh chuig a gcontae/réigiún agus cur chun cinn bailte/sráidbhailte ar leith chun custaiméirí nua agus/nó infheistíocht ghnó a mhealladh.
  • Tionscadail a fheabhsaíonn an geilleagar oíche agus a thacaíonn leis.
  • Feabhsú ar shócmhainní Oidhreachta (m.sh., músaeim áitiúla / nithe is díol spéise do thurasóirí dírithe ar ghnéithe stairiúla an cheantair, láithreáin/foirgnimh oidhreachta, srl.) atá lonnaithe i mbailte agus sráidbhailte, lena n-áirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh.

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag iarraidh a fháil amach ag an luathchéim seo cén leibhéal spéise a d’fhéadfadh a bheith ann agus an cineál/nádúr na dtionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoin scéim.

Déanfar measúnú ar gach Léiriú Spéise bunaithe ar na tosaíochtaí atá san Imlíne Scéime.

Ní mór do gach grúpa/eagraíocht leasmhar Foirm um Léiriú Spéise a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig pobal@kerrycoco.ie nó sa phost chuig: An Roinn Pobail, Ealaíon & Cultúir, Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, an 6 Meán Fómhair 2023

Tá an spriocdháta socraithe chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar gach iarratas sula gcuirfidh an tÚdarás Áitiúil na hiarratais deiridh faoi bhráid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin 10 Samhain 2023.

Téigh i dteagmháil le d’Oifig Cheantair Bhardasaigh áitiúil le do cheisteanna nó seol ríomhphost chuig pobal@kerrycoco.ie

 Tabhair faoi deara:

  • Ní fhéadtar síneadh ar an dáta deiridh a éascú i gcás ar bith.
  • Tá an próiseas iomaíoch mar go bhfuil teorainn leis an líon aighneachtaí is féidir le Comhairle Contae Chiarraí a chur faoi bhráid na Roinne.
  • Ní hionann Léiriú Spéise a chur isteach agus deimhniú ar iarratas deiridh chuig an Roinn chun an tionscadal a bhreithniú le haghaidh maoinithe. Cuirfidh an tÚdarás Áitiúil tionscadail, atá ar an ngearrliosta chuig an gCéim Iarratais ar an eolas go foirmiúil.
Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680