Scéimeanna Deontas Tuaithe

CLÁR agus Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte
Tá pacáiste de bhearta tacaíochta náisiúnta agus áitiúla curtha ar fáil ag an Rialtas faoina Phlean Gníomhaíochta um Athnuachan Tuaithe, ‘‘Realising our Rural Potential’ chun athnuachan a dhéanamh ar bhailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na hÉireann. I measc na bearta seo tá  CLÁR (Ceantair Laga ÁrdRiachtanais) agus Scéim Athnuachana na mBailte agus Sráidbhailte. Déanann an Roinn Talmhaíochta agus Forbairt Tuaithe bainistiú ar an dá scéim úd agus cuirtear é I bhfeidhm trí na húdaráis áitiúla.

An Clár Feabhsaithe Tuaithe
Riartha ag an  gCoiste Forbartha Pobal Áitiúil (CFPA), cuireann an Clár Feabhsaithe Tuaithe (CFT) i gCiarraí deontais chaipitil ar fáil do ghrúpaí pobail leis an aidhm de feabhas a chur ar áiseanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

An Scéim Bonneagair um Chaitheamh Aimsire faoin Aer
Cuireann an Scéim Bonneagair um Chaitheamh Aimsire faoin Aer maoiniú ar fáil d’fhorbairt ar bhonneagar caitheamh aimsire faoin aer, idir atá nua agus atá ann cheana féin, i gceantair tuaithe. Tá an scéim seo maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta agus Forbairt Tuaithe i gcomhpháirt le Fáilte Éireann.

Nuair a fógraítear glaonna ar iarratais maoinithe, déantar fógraíocht orthu seo ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chiarraí www.kerrycoco.ie  le treoirlínte agus foirmeacha iarratais na scéime ábhartha ar fáil le híoslódáil.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680