Clár Aoisbhá

Príomh-chuspóir Chlár Caithreacha agus Contaetha Aoisbhá Éireann ná go mbeidh gach limistéar údarás áitiúil in Éirinn ina áit iontach le dul in aois ann.

Is cuid é an Clár Caithreacha agus Contaetha Aoisbhá de chlár domhanda de chuid an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Tá cinnearacht air ag na húdaráis áitiúla ag obair i gcomhpháirt le réimse soláthraithe seirbhíse agus páirtithe leasmhara eile. Tá gach clár áitiúil aoisbhá tiomnaithe do mhéadú ar bhá agus tuiscint ar an aoisiú trí fheabhas a chur ar thimpeallachtaí tógtha inmharthana, tithíocht fad saoil, spásanna poiblí, seirbhísí poiblí agus príobháideach inrochtana, córas iompair atá tráthúil agus inrochtana, forbairt tuaithe leanúnach agus forbairt eacnaimíoch feabhsaithe.

An dúshlán is mó ná gur ghá don tsochaí a meon a chlaochlú maidir leis an tslí a fhéachann sí ar aoisiú. Iarrann an clár orainn slite nua a shamhlú chun gur féidir le soláthraithe seirbhíse agus eagrais eile oibriú le chéile chun feabhasaithe a sholáthar ó thaobh tacaí agus seirbhísí a théann chun tairbhe ní amháin daoine níos sine ach an pobal i gcoitinne.

Ghlac Comhairle Contae Chiarraí le Straitéis Aoisbhá Chiarraí i mí Mhéan Fómhair 2018. An dúshlán anois ná a chinntiú go ndéanfar gach a bhfuil foghlamtha ó onair na n-áisíneachtaí éagsúla agus an earnáil pobail/dheonach a dhaingniú go foirmeálta mar chuid de pholasaithe agus cleachtais.

Straitéis Aoisbhá

Feachtas Aoisbhá Teacht Trí Chóibhid 19 Le Chéile

Staitisticí Chiarraí
Daonra iomlán de 147,707. As seo tá 34,190 in aois a 60 nó níos mó. Idir 2006 agus 2016 mhéadaigh an líon daoine i gcontae Chiarraí atá 60 nó níos mó ó 26,701 go 34,190.

Tábhacht Clár Aoisbhá

  • Tá daoine ag maireachtaint níos faide agus…
  • Méadóidh an daonra 60+ faoi 250% faoi 2036
  • Mairfidh 1 as gach 3 bhunóic go haois a 100
  • Méadóidh an daonra 80+ faoi 400% faoi 2041
  • Bíonn 95% den gcuid seo den daonra gníomhach!
  • Dúshláin pholasaí: Sláinte, Tithíocht, Pleanáil, Dearadh bailte agus sráidbhailte, gnó, pinsin, saol sóisialta
An 8 dtéama de chuid an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Spásanna faoin aer agus foirgnimh

Iompar

Tithíocht

Rannpháirtíocht Shóisialta

Meas agus Cuimsiú Sóisialta

Tacaíocht Phobail agus Seirbhísí Sláinte

Rannpháirtíocht Shibhialta agus Fostaíochta Cumarsáid agus Faisnéis

 

Téamaí i straitéis Chiarraí
  • Bonneagar a fheabhsú
  • Dúshlán a thabhairt don Aoiseachas
  • Rannpháirtíocht a chothú – daoine a choimeád páirteach – gan éinne a fhágaint inár ndiaidh!
  • Deachleachtas a aithint agus a aibhsiú!
  • Tógáil ar an mbunús láidir atá leagtha ag Áisíneachtaí agus Pobail.

Bíonn sé tábhachtach do dhaoine dul in aois ina gceantar féin

 

Straitéis Aoisbhá Chiarraí
Téamaí EDS                                                Spriocanna

Spásanna faoin aer agus foirgnimh phoiblí – Feabhas a chur ar rochtain agus dearadh sa timpeallacht phoiblí inár bpobail, sráidbhailte agus bailte.

Iompar – Trí dul i gcomhairle chun straitéis iompar pobail/poiblí a fhorbairt a chomhlíonann riachtanais daoine níos sine.

Tithíocht – Tacú le daoine agus iad ag dul in aois chun gur féidir leo fanacht ag cur fúthu ina mbaile agus a bpobal féin.

Rannpháirtíocht Shóisialta – Tacú le gníomhaíochtaí agus áiseanna a chuireann nascanna sóisialta chun cinn.

Meas agus Cuimsiú Sóisialta – Dúshlán a thabhairt don aoiseachas agus an ionchur dearfach daoine níos sine sa saol sóisialta, eacnaimíoch agus poiblí a chur chun cinn.

Rannpháirtíocht Shibhialta agus Fostaíochta – Tionscnaimh a fhorbairt a éascaíonn rannpháirtíocht daoine i bhfostaíocht, an saol sibhialta agus oideachas fad saoil.

Cumarsáid agus Faisnéis – Feabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis agus forbairt a dhéanamh ar úsáid teicneolaíocht faisnéise.

Tacaíocht Phobail agus Seirbhísí Sláinte – Comh-ordú agus forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí chun daoine a chumasú chun saol níos sláintiúla, níos gníomhacha agus níos faide a chaitheamh.

 

Téarmaí bainteach le Cláir Aoisbhá

Cad is brí le Straitéis Aoisbhá Contae? Is straitéis í seo  a ullmhaíodh ag an gClár Aoisbhá Contae chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá aitheanta ag daoine níos sine sa chontae. De ghnáth chlúdóidh sé tréimhse 3 nó 5 bhliana.

Comhairle na nAosach: Is grúpa ionadaíoch de dhaoine níos sine, bunaithe ag údaráis áitiúla mar chuid d’fhorbairt Clár Caithreacha agus Contaetha Aoisbhá. Aithníonn an grúpa seo de dhaoine níos sine réimsí tosaíochta gá, tarraingíonn siad anuas fiadhbanna tábhachtacha agus bíonn ionchur acu timpeallar chinnteoireacht I bpróiseas forbartha tionscnamh Aoisbhá an chontae / na cathrach.

Comhaontas Aoisbhá an Chontae: Is grúpa ard-leibhéil, tras-earnála é seo, faoi chathaoirleacht Príomhfheidhmeannach an Údaráis Áitiúil (nó ionadaí ainmnithe dá chuid). Cruthaíonn ball-eagrais Comhaontas Aoisbhá an Chontae pairtnéireacht straitéiseach chun forbairt agus fíorú a dhéanamh ar Straitéis Aoisbhá an Chontae / na Cathrach. I gCiarraí, seachas struchtúr eile ar fad, is ionann Comhaontas Aoisbhá an Chontae agus an Coiste Forbartha Pobal Áitiúil, le Grúpa Stiúrtha Aoisbhá ag déanamh tuairisciú leis an ngrúpa seo.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680