Ciste Tacaíochta Pobail

Tuigeann Comhairle Contae Chiarraí an obair thábhachtach a dhéanann pobail ó thaobh sonais agus sláinte iomláin an chontae agus a mhuintir. Cuireann an obair seo de chuid grúpaí agus eagras ar shlí shuntasach le caighdeán na seirbhísí atá ar fáil; an cuma shlachtmhar a bhíonn ar ár mbailte, sráidbhailte agus taobh tíre; brí agus fuinneamh ár bpobal; agus tarraingteacht agus áilleacht Chiarraí mar cheann scríbe agus ionad cónaithe araon. Tá Comhairle Contae Chiarraí tar éis an Ciste Tacaíochta Pobail a fhorbairt mar aitheantas ar an obair luachmhar seo.

Príomh-aidhm an scéim maoinithe seo ná tacaíocht sholúbtha airgid a chur ar fáil do ghrúpaí pobail agus eagrais áitiúla i gCiarraí gur mhian leo tabhairt faoi thionscadail a chuirfidh le réimse agus/nócaighdeán na tionscadal/áiseanna laistigh dá gceantar.

Nuair a bhíonn fuinneog iarratais ar oscailt cuirtear treoirlínte agus foirm iarratais na scéime ábhartha ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chiarraí ag www.kerrycoco.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680