Faoin Coiste Forbartha Pobal Áitiúil Chiarraí/Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Chiarraí

Coiste Forbartha Pobal Áitiúil Chiarraí (CFPAC)
De réir an tAcht um Rialtas Áitiúil 2014, is gá do gach CFPA a bheith bunaithe mar choiste de chuid an Údaráis Áitiúil. Bunaíodh CFPA Chiarraí ar Iúil 2014. Tá an CFPA déanta suas de 19 ionadaí atá ina mball den údarás áitiúil, eagrais stáit eile, an earnáil pobail agus deonach, agus pairtnéirí sóisialta. An chúis atá leis an meá idir ná hearnálacha difriúla ná go mbeadh sé claonta i dtreo na hearnála príobháidí.

Sonraí Ballraíocht CFPAC (Samhain 2020)

Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Chiarraí (GGAC)

Roghnaíodh CFPAC mar an Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil (GGA) do chontae Chiarraí, le ball amháin sa bhreis chun cinntiú go mbíonn ionadaíocht ag an trí phairtnéar bunaidh ar fad. Is é an GGA an t-eagras faomhaithe do chlár LEADER, a d’infheistigh €10.2 milliún i gCiarraí idir 2014 agus 2020.

Leagann Alt 128B den Acht um Rialtas Áitiúil 2014 amach feidhmeanna gach CFPA, áit atá forálacha tábhachtacha san Acht a neartaíonn cumas gach CFPA chun gníomhaíochtaí na Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail a sholáthar.

Ag teacht le hAlt 128A den Acht um Rialtas Áitiúil 2001, de réir mar atá curtha isteach ag an Acht um Leasú Rialtais Áitiúil 2017, tá Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí tar éis duine – an tUas. Niamh O’Sullivan – a roghnú chun feidhmiú mar Cheann-Oifigeach ag an CFPA agus é i mbun a dhualgaisí. Bíonn tacaíocht do chruinnithe á sholáthar do CFPAC agus GGAC ag Roinn Pobail Chomhairle Contae Chiarraí.

Sonraí Ballraíocht GGAC (Samhain 2020)

LEADER 2014-2020

Cur i bhfeidhm Straitéis Forbartha Áitiúla (Tréimhse Cláraithe Forbairt Tuaithe 2014-2020)

Déantar cinní faoi mhaoiniú LEADER ag an leibhéal áitiúil ag an GGA trí chreatlach an Straitéis Forbartha Áitiúla. Tá roinnt tosaíochtaí straitéiseacha aitheanta ag clár LEADER 2014-2020 maidir le forbairt tuaithe san Aontas Eorpach.

Tá trí théama CFT ag LEADER agus naoi fo-théama, mar a leanas:

Téama 1 Téama 2 Téama 3
Forbairt Eacnamaíoch, Forbairt Fiontraíochta agus Cruthú Fostaíochta Cuimsiú Sóisialta Timpeallacht Tuaithe
  • Turasóireacht Tuaithe
  • Forbairt Fiontraíochta
  • Bailte Tuaithe
  • Leathanbhanda
  • Seirbhísí bunúsacha dírithe ar phobail ar deacair cabhrú leo
  • Óige Tuaithe
  • Cosaint agus úsáid inmharthana ar acmhainní uisce
  • Bithéagsúlacht Áitiúil
  • Fuinneamh inathnuaite

Chomh fada is a bhaineann le LEADER, tá conradh ag an nGrúpa Gníomhaíochta Áitiúla (GGA) leis an Roinn Pobail agus Forbairt Tuaithe.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680