Clár Sláinte Chiarraí

Feachtas Fan Slán Cóibhid 19
Is bliain inti féin í atá againn i mbliana, agus tábeagán sa bhreis de dhíth arainn chun teacht slán. Slí mhaith chun é seo a dhéanamh ná tosnú le plean chun rud beag amháin a dhéanamh gach lá chun aire a thabhairt dod’ mheabharshláinte. Tá smaointí ag ár bpairtnéirí ar fad faoi cad is féidir leat a dhéanamh agus cad atá ar fáil i do phobal áitiúil féin.

Tá saol formhór againn athraithe le roinnt míosa anuas: gnáth-rithimí curtha as a riocht ag an bpaindéim ar shlite éagsúla. Táimid ar fad ag iarraidh dul i dtaithí ar an ‘nua-ghnáth’ agus tá á lán againn tugtha traochta. Tá buairt timpeall ar athoscailt cúram leanaí, scoileanna, coláistí agus láithreacha oibre ag déanamh tinnis do dhaoine agus a gclann. Tá roinnt daoine tar éis tarraingt siar ar fad ó ghéithe sóisialta an tsaoil chun iad féin a chosaint.

An dúshlán atá romhainn ná tuiscint níos fearr a fháilt ar chonas is féidir teacht aniar a chothú trí aire a thabhairt dár meabharshláinte agus sláinte ghinearálta. Is é atá sa ‘chúig shlí go sláinte’ ná gníomhartha simplí ar féidir iad a chleachtadh gach lá mar shlí chun feabhas a chur ar do mheabharshláinte agus sláinte ghinearálta.

Tá feachtas ‘Fan Slán’ an Rialtais dírithe ar thaispeáint do dhaoine de gach aois conas is féidir linn aire a thabhairt  d’ár sláinte choirpiúil agus mheabhrach trí ghnásanna sláintiúla cabhracha a chur lenár saol laethiúil agus seachtainiúil.

Imeachtaí agus Tionscnaimh ‘Fan Slán’ i gCiarraí

Cliceáil anseo chun féachaint ar an gclár iontach imeachtaí inár gcontae

 

 

 

Ag Fanacht Nasctha
Cuir am i leataobh gach lá chun nasc a dhéanamh leis na daoine timpeall ort. Le clann, cairde, comhghleacaithe agus comharsana. Ag baile, obair, scoil nó i do phobal áitiúil. Trí fanacht ceangailte agus trí na caidrimh seo a chothú braithimid níos fearr agus níos socair ionainn féin, agus go mbíonn fiúntas ag baint lenár mbeatha.

Tá Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le pairtnéirí áitiúla, réigiúnda agus náisiúta, ag eagrú réimse imeachtaí, tacaí agus tionscnaimh atá deartha chun cabhrú le muintir Chiarraí ‘Fnacht Slán’ le linn an trátha dúshlánaigh seo.

 

Déan Bainistiú ar do Ghiúmar
Tá a lán againn ag dul i dtaithí ar an tslí go bhfuil scaipeadh Cóibhid 19 tar éis cur as d’ár ngnáthchúrsaí laethiúla agus na bearta ar tugadh isteach chun sinn a choimeád slán sábháilte.

Tá sé nádúrtha a bheith buartha nó strios a bhraistint le linn an ama dheacair seo, ach tá a lán rudaí gur féidir linn a dhéanamh chun tacú lenár sláinte mheabhrach agus chun sinn féin a choimeád sláintiúil. I gcomhair a thuilleadh tacaíochta maidir le haire a thabhairt dod mheabharshláinte le linn Cóibhid 19 tabhair cuairt ar  www.yourmentalhealth.ie. Tá Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le pairtnéirí áitiúla, réigiúnda agus náisiúta, ag eagrú réimse imeachtaí, tacaí agus tionscnaimh atá deartha chun cabhrú le muintir Chiarraí ‘Fnacht Slán’ le linn an trátha dúshlánaigh seo.

Bia Sláintiúil
Trínár gcorp is ár n-intinn a chothú, is féidir linn nasc níos fearr a chruthú idir an mbia a íthimid agus an tslí a bhraithimid agus is féidir tionchar dearfach a bheith ag seo ar ár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.

Cuirfidh Bord Bia eolas agus acmhainní ar fáil chun tacú le réim bia shláintiúil an Geimhreamh seo. Cuirfidh Safefood an chéad chéim eile dá fheachtas “START” I bhfeidhm, dírithe ar tairbhe a bhaint as am leis an teaghlach agus cur le nósanna sláintiúla. Anuas ar an méid sin, beidh an líonra leabharlann timpeall na tíre ag tacú le mór-thionscnamh i gcomhpháirt le Grow it Yourself go luath i 2021, chun níos mó daoine a ghríosadh chun a mbia féin a fhás – fiú an paiste is lú – ag cabhrú chun ceangal níos láidre idir bia a fhás, réim bia sláintiúil, agus forbairt ar líonraí pobail.

Tabhair cuairt ar https://www.gov.ie/en/campaigns/healthy-ireland/?referrer=http://www.gov.ie/healthyireland/  chun teacht ar bhreis eolais.

Ag Fanacht Gníomhach
Bí ag lorg slite le bheith gníomhach gach lá. Téir ag siúl nó ag rith. Téir amuigh faoin aer. Téir ag rothaíocht, bí ag imirt cluichí, déan garraíodóireacht nó rince. Aimsigh gníomhaíocht fhisiciúil a thaitníonn leatsa agus atáoiriúnach dod stíl bheatha, leibhéil lúith agus aclaíochta. Léiríonn taighde gur féidir le gníomhaíocht fhisiciúil feabhas a chur ar do mheabharshláinte.

Tá Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le pairtnéirí áitiúla, réigiúnda agus náisiúta, ag eagrú réimse imeachtaí, tacaí agus tionscnaimh atá deartha chun cabhrú le muintir Chiarraí ‘Fnacht Slán’ le linn an trátha dúshlánaigh seo.


Ag Ligint do Scíth agus ag Úsáid do Chruthaitheachta
Ag ligint do scíth, ag úsáid do chruthaitheachta, nó ag foghlaim rud éigin nua. Tabhair an saol mórthimpeall ort faoi deara, chomh maith leis na mothúcháin a bhraitheann tú. Bí fiosrach. Féach ar rudaí áille. Tabhair claochlú na séasúr faoi deara. Bain sult as an nóiméad ina bhfuil tú, is cuma an ag siúl chun do láthair oibre, ag ithe lóin nó ag caint le cairde atáir. Tabhair aire ar an meandar seo – ar do smaointí, mothúcháin agus an domhan thart ort.

Tá Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirt le pairtnéirí áitiúla, réigiúnda agus náisiúta, ag eagrú réimse imeachtaí, tacaí agus tionscnaimh atá deartha chun cabhrú le muintir Chiarraí ‘Fnacht Slán’ le linn an trátha dúshlánaigh seo.

 

Líne Chabhrach Tacaíocht Phobail
Cliceáil anseo i gcomhair a thuilleadh eolais faoin Líne Chabhrach Tacaíocht Phobail.

Tacaíocht Phobail – Léarscáil de na soláthraithe seirbhíse áitiúla
Cliceáil anseo i gcomhair léarscáil de sheirbhísí pobail de chuid  Líonra Rannpháirtíocht Phoiblí Chiarraí (LRPC) ar fud an chontae.

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680