Cuimsiú Sóisialta agus Pobail

Clár Cuimsithe Shóisialta agus Gríosú Pobail (CCSGP)
Tá sé d’aidhm ag an gClár Cuimsithe Shóisialta agus Gríosú Pobail (CCSGP) dul i ngleic leis an mbochtanas agus an t-eisiamh sóisialta trí teagmháil agus comhpháirtíocht áitiúil idir daoine aonair faoi mhíbhuntáiste, eagrais pobail agus áisíeachtaí san earnáil phoiblí.

Maoiniú
“Tá an Clár Cuimsithe Shóisialta agus Gríosú Pobail (CCSGP) 2018-2022 maoinithe ag Rialtas Éireann trín Roinn Forbairt Tuaithe agus Pobail le cómhaoiniú ón gCiste Sóisialta Éorpach faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama (CICF) 2014-2020”

Tá CCSGP maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le cómhaoiniú ón gCiste Sóisialta Éorpach (CSE) mar chuid dá Chlár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama (CICF) 2014-2020

Cuspóirí an Chláir
Is é aidhm CCSGP ná bochtanas a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn in Éirinn trí thacú le pobail agus daoine aonair ag úsáid modhanna oibre bunaithe ar an bhforbairt pobail, cumarsáid agus comh-oibriú. Tá dhá chuspóir ag an gClár:

Cuspóir 1: Tacú le Pobail
Chun tacú le pobail agus díriú isteach ar ghrúpaí chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha chun fadhbanna eisiata shóisialta agus comhionannais a aithint agus chun dul i ngleic leo, ag forbairt cumas Grúpaí Pobail Áitiúla agus ag cruthú pobal níos inmharthana.

Cuspóir 2: Tacú la Daoine Aonair
Chun tacú le daoine aonair atá faoi mhíbhuntáiste, ag feabhsú a gcaighdeán beatha trí sholáthar foghlaim fad saoil agus tacaíocht sa mhargadh fostaíochta.

13 Spriocghrúpaí

  • Leanaí agus Teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste
  • Daoine Óga faoi mhíbhuntáiste (aois 15-24)
  • Mná faoi mhíbhuntáiste
  • Grúpa le Riachtanais atá ag teacht chun cinn
  • Tuismitheoirí Aonair
  • Oibrithe/teaghlaigh ar Ioncam Íseal
  • Pobail Nua (Teifigh/Iarrthóirí Tearmainn san áireamh)
  • Daoine ina gcónaí i bPobail faoi mhíbhuntáiste
  • Daoine faoi mhíchumas
  • Giofóga
  • An Lucht Siúil
  • Daoine scoite amach ón Margadh Fostaíochta (neamhghníomhach ó thaobh an ghéilleagair)
  • Daoine dífhostaithe

Coiste Forbartha Pobail Áitiúla Chiarraí (CFPAC)

Tá seo faoi bhainistíocht an Chlár CCSGP ag an leibhéal áitiúil. Tar éis próiseas soláthair phoiblí is iad Soláthraithe an Chláir CCSGP 2018-2022 i gContae Chiarraí ná:

  • FCTTT (Forbairt Chiarraí Thuaidh, Thiar agus Thoir)
  • IRD Duhallow clg
  • Pairtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas clg

Feidhmíonn Pobal thar cheann an Roinn Forbairt Tuaithe agus Pobail maidir le bhainistíocht agus maoirseoireacht náisiúnta an chláir, chomh maith le bheith ag tabhairt tacaíochta do Sholáthraithe an Chláir agus do gach CFPA, ag cabhrú chun ardchaighdeáin a chinntiú sa chlár.

Uimh. Limistéir Ainm Limistéir Soláthraí an Chláir
19-1 Ciarraí Thuaidh, Thoir agus Thiar FCTTT
19-2 An Ráth Mhór, Gníomh go Leith IRD Duhallow clg
19-3 Ciarraí Theas agus Cill Airne Pairnéireacht Forbartha Theas clg Chiarraí


Comhairle na nÓg
Tá Comhairle na nÓg Chiarraí ar cheann de 31 comhairle óige sa tír a thugann an deis do leanaí agus daoine óga a bheith páirteach i bhforbairt seirbhísí agus polasaithe áitiúla le tacaíocht ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Ós rud é go bhfuil Comhairle na nÓg ann do dhaoine óga faoi 18 bliana d’aois, agus iad gan aon chóras vótála eile lena nguth a chur in iúl, tá Comhairle na nÓg deartha chun daoine óga a chumasú agus guth a thabhairt dóibh timpeall ar na seirbhísí, polasaithe agus fadhbanna a mbíonn tionchar acu orthu ina gceantar áitiúil.

Líonra Rannpháirtíocht Phoiblí Chiarraí (LRPC)
Aidhm LRP Chiarraí ná Grúpaí Pobail agus Deonacha, Cuimsithe Shóisialta agus Timpeallachta le chéile mar chuid de struchtúr neamhspleách ag comh-oibriú leis an Údarás Áitiúil. Tríd an LRP cuirtear deiseanna líonraithe, cumarsáide agus roinnt faisnéise ar fáil, rudaí gur féidir leo cur le rannpháirtíocht i gcinnteoireacht áitiúil agus idir chomh-ghníomhaíocht agus rannpháirtíocht phobail. Is féidir le grúpaí clárú ar-líne ag www.kerryppn.ie

 

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680