Taighde agus Anailís

Ar an leathanach seo gheobhaidh tú naisc go dtí ár dTaighde agus ár nAnailís ar thionchair COVID-19 ar ár ngeilleagar agus ar ár ngnólachtaí. Foilseoimid naisc go dtí na tuarascálacha agus na suirbhéanna, a bhainfidh le hábhar, de réir mar a eascróidh siad.

Tuarascálacha Taighde agus Anailís i gcomhair íoslódála

Tionchar Geilleagrach COVID-19 ar Gheilleagar Chontae Chiarraí

D’fhoilsigh Comhairle Contae Chiarraí measúnacht chuimsitheach ar thionchar geilleagrach tuartha phaindéim COVID-19 ar Chontae Chiarraí (Bealtaine 2020). Sainaithníodh san anailís, a thiomsaigh geilleagraí neamhspleách, James Dorgan, le hionchur ó Chónaidhm Chiarraí Thionscal na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, Líonra Chomhlachais Chiarraí agus an mhórearnáil ghnó sa chontae, na dúshláin lena bhfuil an ghéarchéim reatha ó thaobh na sláinte poiblí ina siocair. Tá na gníomhartha áitiúla agus na beartais áitiúla chun an téarnamh geilleagrach ar bhonn áitiúil a bhaint amach sna míonna agus sna blianta le teacht múnlaithe ag an tuarascáil agus leanfaidh an tuarascáil den méid sin a mhúnlú.

Agus é ag tarraingt as raon leathan de thaighde fostaíochta, daonra agus geilleagair, fionntar i ‘dTionchar Geilleagrach COVID-19 ar Gheilleagar Chontae Chiarraí’, Bealtaine 2020, go n-imrítear drochthorthaí suntasacha geilleagair i gCiarraí de dheasca na géarchéime reatha, agu go leanfaidh an ghéarchéim de dhrochthorthaí a imirt, go háirithe ag féachaint dár spleáchas ar earnáil na turasóireachta. Agus é ag tarraingt as taighde reatha agus taighde nua, fionntar sa tuarascáil “gurb ionann agus cailliúint €1 billiún ar an ioncam sa bhliain 2020 a bheidh sa tionchar do gheilleagar Chiarraí, mar aon le thart ar 40% den chailliúint ioncaim sin a bheith á thabhú i dtionscal na turasóireachta”.

Áirítear iad seo le codanna eile den taighde:

  • Measadh go dtiocfadh tionchar €400m sa bhliain 2020 ar an Turasóireacht agus ar na tionscail ghaolmhara (ba éard a bhí anseo ná titim 70% san ioncam), agus b’ionann an méid seo agus beagnach 10% d’ioncaim mheasta iomlán na líonta tí i gCiarraí
  • Tá an spleáchas coibhneasta is airde ar an ioncam ón dturasóireacht ag Ciarraí in aghaidh an duine de réir an chontae
  • As an líon measta de 69,000 duine sa lucht saothair i gCiarraí, is í an trádáil mhiondíola agus mhórdhíola an earnáil fostaíochta is mó, agus is sna sála ar an réimse sin atá óstáin agus bialanna
  • Is micreaghnóthais iad 93% de na fiontair ghníomhacha i gCiarraí agus fostaítear níos lú ná deichniúr i ngach ceann acu sin
  • Bhí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime de chuid an Rialtais á fáil ag 36% de na cónaitheoirí ‘ag an obair’ i gCiarraí i lár mhí na Bealtaine 2020. Nuair a chuirtear iad sin le líon na ndaoine ar Scéim an Fhóirdheontais Phá agus ar an mBeochlár, is ionann seo agus dhá thrian de na cónaitheoirí ‘ag an obair’ sa chontae
  • Measúnacht ar an dtionchar dóchúil in earnálacha lena n-áirítear an talmhaíocht, an miondíol, an déantúsaíocht agus an fhoirgníocht ar bhonn na réamh-mheastachán áitiúil agus náisiúnta
  • Deineadh forlíonadh ar an dtaighde seo trí shuirbhéanna ar ghnólachtaí ar thug Comhairle Contae Chiarraí agus Cónaidhm Chiarraí Thionscal na Turasóireachta fúthu chun an tionchar tuartha a thomhas thar mórán earnálacha geilleagracha. Nochtadh sna fionnachtana go raibh leath na ngnólachtaí sa chontae ag an am ag coinne le laghdú idir 50% agus 75% ina gcuid ioncaim sa dá mhí dhéag a bhí le teacht.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, an Comhairleoir Niall Kelleher, gur thaighde fíothábhachtach a bhí sa tuarascáil: ‘Níl aon amhras ná gur mór an tionchar geilleagrach atá ag COVID-19 ar Chiarraí ach is den riachtanas é go ndéanfaimid é a mheas ar an gcaoi seo. Tugann na figiúirí an fhírinne lom agus léiríonn siad chomh mór agus a bhíonn an dúshlán romhainn chun an ghníomhaíocht gheilleagrach a chur ar bun arís sa chontae ach cabhróidh na sonraí seo linn tacaí, infheistíocht agus tionscnaimh bholscaireachta a spriocaimsiú ar na háiteanna ar mó a mbeidh gá leo iontu,’ a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell, go raibh an tuarascáil á breithniú go dlúth ag bainisteoirí agus baill thofa na comhairle. Thairis sin, múnlóidh sé an plé leanúnach den nuaghasra Ceannairí agus Sainleasanna Gnó sa chontae agus Buíon an Téarnaimh Gheilleagraigh de chuid Chomhairle Contae Chiarraí agus tabharfaidh sé treoir i dtaca le sraith gníomhartha agus tionscnamh ar a ndéanfar feidhmiú céimneach sna míonna agus sna blianta le teacht.

‘Cuirfear an taighde seo ar fáil do na hearnálacha go léir sa gheilleagar chun cabhair a sholáthar d’fhonn a gcur chuige a threorú. Tá tús curtha cheana ag gasra nua, ina bhfuil ceannairí gnó agus gníomhaireachtaí áitiúla, leis an bplé mar gheall ar na tionscnaimh a dhéanfar sna seachtainí agus sna míonna le teacht chun roinnt le héifeacht na géarchéime ar ghnólachtaí áitiúla chomh maith le ceannaireacht a chur ar fáil maidir le margaíocht agus cur chun cinn an chontae de réir mar a athchromfar ar na gnáthimeachtaí geilleagracha, a dúirt sí.

‘Tá sraith tacaí praiticiúla curtha i ngníomh againn cheana i gcomhair na ngnólachtaí sa chontae tríd an Oifig Fiontair Áitiúil agus trí Aonad na Forbartha Geilleagraí dár gcuid. Ina theannta sin, tá obair thábhachtach á déanamh in earnáil na turasóireachta agus i dtionscail eile atá ag cur leis an gcúram sin. Múnlóidh an taighde seo a fhoilsímid inniu na hiarrachtaí ar gheilleagar Chiarraí a athoscailt san am le teacht,’ a dúirt an Bhean Uasal Murrell.

Tionchar COVID-19 ar Réigiúin na hÉireann, Na Trí Thionól Réigiúnacha in Éirinn (2020)

Eochairfhionnachtana ó shuirbhéanna ar thionchar COVID-19 na soláthraithe de chuid Turasóireacht Chiarraí agus ar thionchar COVID19 Ghnó Chiarraí á gcomhroinnt anseo.

Suirbhé Thurasóireacht Chiarraí – Anailís ar Shonraí de Thionchar COVID-19

Tuarascáil Chomhlachais Tráchtála na hÉireann maidir le Suirbhé ar Thionchar Gnó COVID19 – Ciarraí

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie