Molobair agus Cianobair i gCiarraí

Cuireann Moil Chiarraí áit oibre mhalartach ar leith ar fáil do an-chuid oibrithe atá solúbtha nó a oibríonn ó chian. Cuireann moil ar chumas na ndaoine sin atá ag obair ó chian an cineál saoil a bhaint amach nach mbeadh ar fáil dóibh murach na moil. Leis na moil seo, cuirtear chun cinn muintearas, comhoibriú, inrochtaineacht agus athbheochan tuaithe. Tá an t-ádh orainn i gCiarraí roinnt Mol a bheith scaipthe ar fud an Chontae. Tá luach ar leith ag gach mol agus iad ag tairiscint timpeallacht chompordach a sholáthraíonn na buntáistí ar fad a bhainfeadh leis an ngnáthoifig nua-aimseartha (gan na costais arda), chomh maith leis an tsolúbthacht agus neamhspleáchas a bhaineann le bheith ag obair ó chian agus a bheith ceangailte ag an am céanna.

Ionad Gnó Tom Crean
Do ghnólachtaí nuathionscanta, cuirtear an timpeallacht cheart ar fáil dóibh in Ionad Gnó Tom Crean le gur féidir gnó idirnáisiúnta a fhorbairt agus a scálú. Tá níos mó i gceist ná díreach spás oifige agus seirbhísí tacaíochta gnó: thart timpeall ar na úsáideoirí bíonn fiontraithe a roinneann a gcuid taithí agus eolais. Le struchtúir thacaíochta sheanbhunaithe agus ceadúnú solúbtha, is féidir rath a bheith ar ghnólachtaí sa timpeallacht fiontraíochta seo.

Sonraí Teagmhála:
https://creancentre.com
Fón: 066 7194229
Ríomhphost: info@creancentre.com

Ionad Chill Airne um Nuálaíocht sa Teicneolaíocht (KTI)
Gor fiontraíochta saintógtha é Ionad KTI, ar mol nuathionscanta iontach é do ghnólachtaí dlútheolais. Cuireann sé réimse seomraí fiontraíochta agus spásanna deisce ar fáil do ghnólachtaí  a mbíonn ag díriú de ghnáth ar ríomhthráchtáil, bogearraí, ilmheáin, turasóireacht, cúrsaí idirlín agus earnálacha eolasbhunaithe.

Sonraí Teagmhála:
Fón: 064 663 7034
Ríomhphost: info@killarneyinnovation.ie

HQ Tralee
Lonnaithe i bpríomhchathair Chiarraí, is é HQTralee an mol is mó don obair chomhionaid i gCúige Mumhan agus áiseanna saincheaptha ar fáil ann do chianfhoirne, réitigh cip tuirlingthe, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. Le rochtain 24/7 agus 1GB leathanbhanda, ar an gcampas i lár bhaile Thrá Lí, cuirtear ar fáil seomraí gnó doirse dílse, spásanna don obair chomhionaid, seomraí cruinnithe, spásanna le haghaidh imeachtaí, léibheann dín, spásanna comhroinnte agus spásanna ar leithligh.

Sonraí Teagmhála:
https://hqtralee.com
Fón: 086 816 2105
Ríomhphost: Info@hqtralee.com nó ken@hqkerry.com

HQ Listowel
Lonnaithe i gcroílár Lios Tuathail, i HQ Listowel cuirtear ar fáil oifigí príobháideacha, áiseanna don obair chomhionaid, spásanna comhroinnte, bothanna teileafóin príobháideacha agus spásanna le haghaidh imeachtaí do chianfhoirne, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. Le rochtain 24/7 agus 1GB leathanbhanda, soláthraíonn mol Lios Tuathail bunáit den scoth i gCiarraí Thuaidh.

Sonraí Teagmhála:
https://hqlistowel.com
Fón: 086 816 2105
Ríomhphost: Info@hqtralee.com or tom@hqkerry.com

Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Dhaingean Uí Chúis
Tionscnamh fiontraíochta pobail é Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Dhaingean Uí Chúis (Mol Dhaingean Uí Chúis), arna thacú ag Fiontraíocht Éireann, Eir, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Chiarraí, Net Feasa agus Comhlachas Gnó Dhaingean Uí Chúis.

Tá an Mol lonnaithe i bPáirc Gnó Údarás na Gaeltachta sa Chúilín i nDaingean Uí Chúis, in áis oifige shainfheistithe, ina bhfuil 1GB leathanbhanda snáthoptaice ó Eir mar bhonn fúithi. Tá 24 spás ar fáil chun tacú le bunú gnólachtaí nua, le spásanna oibre solúbtha agus oifigí tiomnaithe. An sprioc ná pobal inbhuanaithe a fhorbairt agus éiceachóras a chothú chun éascaíocht a dhéanamh ar chruthú cineálacha éagsúla gnólachtaí, agus fostaíocht ardchaighdeáin a sholáthar ar Leithinis Dhaingean Uí Chúis ó cheann ceann na bliana.

Sonraí Teagmhála:
https://www.dinglehub.com
Fón: 066 9150140
Ríomhphost: info@dinglehub.com

Mol Digiteach na Snadhma
Áis gheal aerach nua í Mol Digiteach na Snadhma a sholáthraíonn spás oibre solúbtha do chianoibrithe, bunáit chost-éifeachtúil do ghnólachtaí nuathionscanta, agus seirbhísí do chomhlachtaí atá ag breathnú ar na féidearthachtaí maidir le leathnú a dhéanamh ó chian. Ina theannta sin, cuirtear ar fáil sa mhol teicneolaíocht físchomhdhála agus seomraí cruinnithe. Agus neart gradam náisiúnta buaite aici, tá an tSnaidhm ar cheann de na sráidbhailte is ildaite in Éirinn, le suíomh ar leith ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Mórchuaird Chiarraí agus Slí Chiarraí.

Sonraí Teagmhála:
www.sneemdigitalhub.ie
Fón: 089 942 0098
Ríomhphost: info@sneemdigitalhub.ie

Oileán Ciarraí
Sa spás Carnegie don obair chomhionaid in Oileán Ciarraí, cuirtear spás oifige solúbtha ar fáil d’fhiontair sheanbhunaithe agus do mhicrifhiontair, bídís seanbhunaithe nó nuathionscanta. Tá spás ar fáil le haghaidh cruinnithe ag mol Carnegie chomh maith.

Sonraí Teagmhála:
https://www.facebook.com/coworkingcastleisland
Fón: 087 3232493
Ríomhphost: castleislandchamber@gmail.com

The Box CoWork
Lonnaithe i lár bhaile Chill Airne, spás don obair chomhionaid é the Box CoWork, Cill Airne, a dearadh chun freastal ar riachtanais daoine féinfhostaithe, gnólachtaí beaga nuathionscanta, turasóirí digiteacha agus daoine aonair a oibríonn ó chian (go lánaimseartha nó go páirtaimseartha). Ar thrí urlár de sheanteach cóiste ar Lána na hOifige Gill, rinneadh an foirgneamh a athchóiriú go cúramach le bheith ina spás oibre oscailte agus dinimiciúil, ina bhfuil spásanna oibre comhroinnte, oifigí, seomraí cruinnithe agus bothanna teileafóin, iad ar fad ar fáil gan aon chostas breise do mhuintir an CoWork.

Sonraí Teagmhála:
https://www.theboxcowork.com/
Fón: 086 1582923
Ríomhphost: hello@theboxcowork.com

Mol Digiteach Neidín don Obair Chomhionaid
Tá Mol Digiteach Neidín don Obair Chomhionaid lonnaithe 1km ó lár an bhaile, suíomh iontach mar sin le ‘Rudaí a Chur i gCrích’, dóibh siúd atá ag iarraidh obair go táirgiúil ó chian. Cuireann an Mol spás oifige solúbtha ar fáil, chomh maith le spásanna móra don obair chomhionaid agus seomraí cruinnithe, le rochtain shábháilte 24/7 agus nascacht leathanbhanda 1GB.

Sonraí Teagmhála:
https://kenmareinnovationcentre.ie
Fón: 087 2224421
Ríomhphost: sean.joneskic@gmail.com

gTeic Chiarraí – Uíbh Ráthach
Is éard atá i gceist le Gréasán Digiteach na Gaeltachta (gteic) ná líonra de 31 mhol dhigiteacha agus nuálaíochta le leathanbhanda ardluais, atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta in áiteanna ar fud Ghaeltachtaí na hÉireann. Tá Daingean Uí Chúis/Mol Teic, Mol Dhaingean Uí Chúis agus Baile an Sceilg mar chuid de choincheap na mol gTeic.

Sonraí Teagmhála:
Fón: 066 9150100
Ríomhphost: pon@udaras.ie

An RDI Hub (Mol Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta)
Lonnaithe i gCill Orglan, cuireann an RDI Hub spás oibre úrscothach ar fáil d’fhoirne agus nuálaithe teicneolaíochta, chun gur féidir leo comhoibriú agus cruthú. Cuireann an RDI Hub cláir luathaithe ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus daoine aonair scálú agus ceangal a dhéanamh le hinfheisteoirí, meantóirí, teicneolaíocht cheannródaíoch agus T&F chun dlús a chur le nuálaíocht sa teicneolaíocht.

Le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann, FEXCO, Comhairle Contae Chiarraí agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, cuireann an RDI timpeallacht dhinimiciúil ar fáil, le pobal bríomhar gnólachtaí nuathionscanta agus corparáidí atá dírithe ar scálú a dhéanamh.

Sonraí Teagmhála:
https://rdihub.com
Fón: 087 4072875
Ríomhphost: info@rdihub.com

Office Light
Spás comhroinnte oifige / oibre comhionaid é Office Light ina gcuirtear áiseanna saincheaptha ar fáil d’Fhiontraithe, FBManna agus Gnólachtaí Nuathionscanta.

Soláthraíonn Office Light oifigí oscailte, oifigí fíorúla agus seomraí cruinnithe, chomh maith le háiseanna le caife agus tae a dhéanamh ina áitreabh i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí

Sonraí Teagmhála:
https://officelight.ie
Fón: 087 2673766
Ríomhphost: info@officelight.ie

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie