Conair Eacnamaíoch an Atlantaigh (CAE)

Tionscnamh comhoibríoch fadtéarmach é Conair Eacnamaíoch an Atlantaigh (CEA) a thugann le chéile gnólachtaí, pobail, ardoideachas agus rialtas náisiúnta agus áitiúla, i naoi gcontae feadh an chósta thiar, ag síneadh ó Chiarraí go Dún na nGall.

An aidhm ná comhoibriú a fhorbairt agus a mhéadú laistigh de CEA, chun an leas is fearr a bhaint as sócmhainní CEA, infheistíocht a mhealladh, poist a chruthú agus cur le rath an réigiúin

Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht, faoi stiúir Thascfhórsa CEA, fiontraíocht agus nuálaíocht a chothú, infheistíocht bhonneagair a spreagadh, infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh agus tacú le comhlachtaí dúchasacha a bhfuil pleananna domhanda acu.

Tá daonra de 1.7 milliún duine ag réigiún CEA agus réimse leathan gnólachtaí rathúla ann, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta uaillmhianacha, comhlachtaí ilnáisiúnta seanbhunaithe agus comhlachtaí dúchasacha Éireannacha a bhfuil ag éirí go geal leo i margaí domhanda. Tá roinnt institiúidí ardoideachais sa réigiún, a chuireann soláthar rialta céimithe ar fáil do réimse leathan tionscal, agus is suíomh iontach an réigiún dá bharr sin d’fhiontair ar mhaith leo tairbhe a bhaint as lucht saothair ardoilte.

Aithníonn Rialtas na hÉireann tábhacht agus acmhainneacht CEA i dTionscadal Éireann 2040, an beartas náisiúnta uileghabhálach a chuireann creat ar fáil le haghaidh pleanáil fhadtéarmach agus infheistíocht i dtodhchaí na hÉireann. Tá forbairt CEA an-tábhachtach do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair agus do Réigiún an Deiscirt agus í chun tosaigh sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus sa Phlean Náisiúnta Forbartha araon.

Tá gach Údarás Áitiúil laistigh den CEA tar éis Oifigeach CEA a cheapadh chun tacú le hobair Thascfhórsa CEA agus an obair sin a chur chun cinn.

Sonraí Teagmhála:
Helen O’Connor-Barry – Oifigeach CEA, Comhairle Contae Chiarraí
Fón: 066 7183846
Ríomhphost: helen.barry@kerrycoco.ie
www.atlanticeconomiccorridor.ie

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie