Cnuasaigh agus Ionaid Bairr Feabhais

An tIonad Bairr Feabhais san Agraitheicneolaíocht (ACE)
Lena cheanncheathrú ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM), is comhshaothar é an tIonad Bairr Feabhais san Agraitheicneolaíocht (ACE) idir DairymasterMcHale EngineeringAbbey Machinery, Comhairle Contae Chiarraí agus OTM chun réitigh cheannródaíocha foghlama agus forbartha a fhorbairt d’earnáil na hagraitheicneolaíochta.

Cuireann ACE cur chuige nua spreagúil ar fáil i dtaca le foghlaim, forbairt agus taighde in earnáil na hagraitheicneolaíochta. Úsáideann ACE teicneolaíochtaí tumthacha foghlama cosúil le ríomhfhoghlaim agus ardáin réaltachta fíorúla chun foghlaim agus forbairt den chéad scoth a sholáthar d’earnáil na hagraitheicneolaíochta. Faoi threoir an tionscail, oibríonn ACE chun feabhas a chur ar chumais chomhlachtaí agraitheicneolaíochta na hÉireann, ag cur ar a gcumas leathnú ar bhonn domhanda.

An fhís ná Éire a chur ar thús cadhnaíochta i dtionscal idirnáisiúnta na hagraitheicneolaíochta.

Tá ionad an ACE cómhaoinithe ag ár gcomhpháirtithe agus an Ciste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnaí, arna riar ag Fiontraíocht Éireann.

Sonraí Teagmhála:
https://agritechexcellence.com
Fón: 066 7128563
Ríomhphost: contact@agritechexcellence.com

 

KerrySciTech
Eagraíocht neamhbhrabúis í KerrySciTech, lonnaithe ag Ionad Gnó Tom Crean ag OTM, an Campas Thuaidh, Trá Lí, eagraíocht faoi threoir tionscail agus arna thacú ag Comhairle Contae Chiarraí agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM).  An dá aidhm ag KerrySciTech ná aird a tharraingt ar Chiarraí agus an contae a chur chun cinn mar phríomhláthair do chomhlachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta, trí éiceachóras eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta Chiarraí a nascadh agus a chur chun cinn, tionchar a imirt air agus é a fhorbairt. Ina theannta sin, déantar Ciarraí a chur chun cinn mar áit iontach le hinfheistíocht agus obair a dhéanamh inti.

Sonraí Teagmhála:
https://kerryscitech.com
Fón: 066 7144229
Ríomhphost: info@kerryscitech.com

 

An RDI HUB
Lonnaithe i gCill Orglan, cuireann an RDI Hub spás oibre úrscothach ar fáil d’fhoirne agus nuálaithe teicneolaíochta, chun gur féidir leo comhoibriú agus cruthú. Cuireann an RDI Hub cláir luathaithe ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus daoine aonair scálú agus ceangal a dhéanamh le hinfheisteoirí, meantóirí, teicneolaíocht cheannródaíoch agus T&F chun dlús a chur le nuálaíocht sa teicneolaíocht.

Le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann, FEXCO, Comhairle Contae Chiarraí agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, cuireann an RDI timpeallacht dhinimiciúil ar fáil, le pobal bríomhar gnólachtaí nuathionscanta agus corparáidí atá dírithe ar scálú a dhéanamh.

Sonraí Teagmhála:
https://rdihub.com
Fón: 087 4072875
Ríomhphost: info@rdihub.com

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie