Ról an Aonaid um Fhorbairt Eacnamaíoch, Comhairle Contae Chiarraí

Is é ról an Aonaid um Fhorbairt Eacnamaíoch forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn agus timpeallacht dhearfach a chothú le haghaidh cruthú post. Cuirtear seirbhísí ar fáil i leith fiosruithe a thagann isteach ó fhoinsí seachtracha agus dírítear ar spriocanna straitéiseacha eacnamaíocha níos fadtéarmaí. Tríd an aonad seo, cuirtear pointe láidir teagmhála ar fáil agus ceangal le gníomhaireachtaí tacaíochta gnó. Áirítear sna príomhréimsí oibre: Margú agus Cur Chun Cinn an Chontae; Líonrú agus Rannpháirtíocht; Pleanáil Eacnamaíoch Straitéiseach; agus Maoiniú a Aithint agus a Fháil le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch an Chontae.

Cuimsíonn feidhmeanna an aonaid na gnéithe seo a leanas;

  • Contae Chiarraí a mhargú le hinfheisteoirí féideartha, fiontraithe agus daoine aonair. Líonra an Mhoil Fiontraíochta a mhargú, agus tionscnaimh mhargaíochta eile a chuireann Ciarraí chun cinn mar áit den scoth chun cónaí inti agus chun obair agus infheistíocht a dhéanamh.
  • Teagmháil a dhéanamh agus obair go dlúth leis an líonra reatha de ghnólachtaí níos mó agus de chomhlachtaí thar lear.
  • Dul i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí forbartha fiontraíochta mar fhreagairt ar fhiosruithe a thagann isteach.
  • Tacú leis an mbonneagar eacnamaíoch sa Chontae, lena n-áirítear gor agus moil fiontraíochta agus phobail – bunú, inbhuanaitheacht agus forbairt.
  • Bheith mar pháirtí i mórthionscadail athraithe sa Chontae
  • Tacú le hIonaid Bairr Feabhais agus le Cnuasaigh
  • Pleanáil Eacnamaíoch Straitéiseach
  • Foinsí maoinithe a aithint agus maoiniú a fháil chun an bonneagar eacnamaíoch a chur chun cinn agus a fhorbairt
  • Dul i gcomhairle leis an bhFóram Scileanna Réigiúnach agus Institiúidí Tríú Leibhéil maidir le forbairt scileanna
  • Pleanáil talamhúsáide agus socrú tosaíochtaí
  • Na Bearta Eacnamaíocha Straitéiseacha de Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chiarraí 2016-2022 a chur i ngníomh.


Sonraí Teagmhála:

Helen O’Connor-Barry – Oifigeach um Fhorbairt Eacnamaíoch, Comhairle Contae Chiarraí. Fón: 066 7183843  Ríomhphost: Helen.Barry@kerrycoco.ie
Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie