Forbairt Fiontraíochta agus Athlonnú
An bhfuil sé i gceist agat gnó a athlonnú nó a thosú i gContae Chiarraí? Ar mhaith leat cuid de do ghnó a chur amach ar conradh nó a athlonnú? An mian leat na buntáistí a bhaineann le bheith ag feidhmiú sa Chontae a phlé? Más ea, ba bhreá lenár nAonad um Fhorbairt Eacnamaíoch cloisteáil uait.
Is áit iontach í Contae Chiarraí chun cónaí inti agus chun obair agus gnó a dhéanamh inti. Tá líonraí láidre áitiúla ag ár gContae chun tacú le hathlonnú ar bith. Is iontach an áit í le bheith i do chónaí inti agus cáilíocht mhaith beatha ar fáil. Is féidir gnó a dhéanamh ar chostas níos ísle inár gContae agus naisc mhaithe aeir agus iarnróid ann.
Má tá aon cheist agat faoi ghnó a thosú nó a athlonnú sa Chontae, nó an dara láthair a lorg inti, téigh i dteagmháil le Helen O’Connor-Barry ón Aonad um Fhorbairt Eacnamaíoch, nó Tomás Hayes ón Oifig Fiontair Áitiúil ag enterprise@kerrycoco.ie chun plé a dhéanamh luath sa phróiseas.
Oibríonn an tAonad seo go dlúth leis na gníomhaireachtaí, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT) agus Fiontraíocht Éireann, chun tacú le forbairt gnó.
Dein teagmháil linn
Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie