Ciarraí Digiteach

Feidhm nua í Ciarraí Digiteach a bunaíodh sa Stiúrthóireacht Eacnamaíochta & Pobail chun cuidiú leis an gcontae a athrú ó bhonn agus chun cur lena cháil mar áit Chliste, Inbhuanaithe a dhéanann teicneolaíocht a fhorbairt, a oiriúnú agus a ghlacadh chuige ar mhaithe le cáilíocht beatha ár gcónaitheoirí agus cuairteoirí a fheabhsú, mar aon le forbairt eacnamaíoch & shóisialta an Chontae.

Tá réimsí éagsúla faoina chúram:

  • Straitéis Dhigiteach a fhorbairt don Chontae agus cuidiú lena soláthar
  • Leathanbhanda & Móibíleach
    • Idirghabhálaí i dtaobh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
    • Pointí Ceangailte Leathanbhanda (Moil Pobail Cheangailte)
    • WiFi4EU
    • Móibíleach & 5G
  • Idirghabhálaí i dtaobh thionscnaimh Chiarraí Cliste

Is é Brian Looney Ceannasaí Chiarraí Digiteach, agus é ag obair mar Cheannasaí Córas Faisnéise na Comhairle ó bhí 2001 ann. Is é ár nOifigeach Leathanbhanda chomh maith.

Straitéis Dhigiteach
Tá Straitéis Dhigiteach á forbairt agus déanfar í a fhoilsiú in 2021. I gcomhar le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara, chuir Comhairle Contae Chiarraí tús leis an bpróiseas chun Straitéis Dhigiteach a fhorbairt don Chontae. Buncháipéis a bheidh sa Straitéis maidir leis an bhfís, na deiseanna agus na cuspóirí a bhaineann le gnó, scileanna, pobail agus cumas a fhorbairt sa Chontae, chun leas a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha a bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda mar bhonn fúthu.

Táthar ag súil go gcuirfear an straitéis faoi bhráid na Comhairle in 2021 lena glacadh, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara éagsúla ó thaobh gnó, na comhairle, na seirbhíse poiblí agus pobal.

Tá an creat don straitéis dírithe ar roinnt colún faoinar bunaíodh cuspóirí ardleibhéil.

 

Leathanbhanda

Is Bunriachtanas bonneagair é leathanbhanda ardluais a bheith ar fáil chun forbairt leanúnach eacnamaíoch agus pobail a chur chun cinn sa Chontae

Agus neart teaghlach agus gnólachtaí i gCiarraí curtha le clár Éir um Leathadh Amach Cáblaí Snáthoptaice faoin Tuath, chomh maith le leathadh amach nua ag SIRO, tá rochtain anois ag os cionn 61,000 áitreabh sa Chontae ar leathanbhanda ardluais.

Síníodh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag an Rialtas i mí na Samhna, 2019, le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (LNÉ), agus gealltanas ann chun na 27,000 áitreabh eile i gCiarraí a nascadh thar thréimhse an phlean sin.

Bíonn ról tábhachtach ag an Oifigeach Leathanbhanda, ag obair leis an Rialtas Láir, LNÉ agus an pobal áitiúil chun an Plean a chur i ngníomh agus chun déileáil le fadhbanna leathanbhanda agus móibíleacha sa Chontae.

Pointí Ceangailte Leathanbhanda (Moil Pobail Cheangailte)
Mar chuid den ghealltanas sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, tá cuspóir leagtha amach ag an Rialtas seirbhísí 150MBps (nó níos mó) a sholáthar do 12 áis phobail agus scoile i gcodanna den Chontae sa Limistéar Idirghabhála sa chéad bhliain den phlean.

Roghnaíodh na háiteanna seo a leanas mar Phointí Ceangailte Leathanbhanda Chiarraí agus déanfar seirbhísí a sholáthar le linn 2020 do na háiteanna seo – áiteanna a bheidh, den chuid is mó, ina Moil Pobail Dhigitigh amach anseo.

Ionad Pobail an Chaoil V23H240
Ionad Pobail Thuairín Chathail P51T663
Ionad Oidhreachta agus Spás Pobail an Stáisiúin Traenach V23H306
Tigh Mór Dhoire Fhíonáin V23FX65
Eaglais Naomh Fiachna – Ionad Pobail V93X082
Ionad Pobail na Cille Duibhe V92K061
Stáisiún Cábla, Dairbhre V23H685
Cillín Liath (Ionad Pobail na Dromoda) V23RK10
An Chillíneach (Inse) – Ionad Pobail V92HK31
Scoil Náisiúnta na gCorr V23Y597
Scoil Náisiúnta Dhún Lóich Uachtarach (Com Uí Dhuibh) V93YN52
Scoil Náisiúnta na Boithe Ísle V93EC56

Wifi4EU
Tá ceithre dhearbhán faighte ag Comhairle Contae Chiarraí le gur féidir WiFi poiblí saor in aisce a sholáthar i dTrá Lí, Cill Airne, Lios Tuathail agus Cill Orglan, faoi scéim Wifi4EU an AE. Tá luach €15,000 le gach dearbhán agus cómhaoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Cuireadh dearadh mionsonraithe na gceithre scéim CB i gcrích in 2019, i gcomhairle le Páirtithe Leasmhara Áitiúla, agus tairiscintí le lorg in 2020 agus iad le cur i ngníomh luath in 2021.

Dein teagmháil linn

Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie