Oileán na nGéanna
Cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (tríd an gClár Oibriúcháin Réigiúnach 2014-2020, Scéim Deontais um Lárionad Uirbeach Sainithe) agus Comhairle Contae Chiarraí, tá athrú ó bhonn de luach €3 milliún ar bun ag Oileán na nGéanna, ó bheith ina sheanláthair monarchan de chuid Denny Bacon go spás ríochta poiblí uirbeach líneach, deartha ag ailtire.
Tá sé mar ardfheidhm ag Comhairle Contae Chiarraí ceathrú nua uirbeach ilchineálach a fhorbairt ag láthair Oileán na nGéanna, mar a leagtar amach i Máistirphlean Lár Baile Thrá Lí Thiar, ar bhealach a bheidh inbhuanaithe agus ionchuimsithe go sóisialta, agus a dhéanfaidh:
- a) Athghiniúint Lár Baile Thrá Lí a chur chun cinn trí Oileán na nGéanna a fhorbairt, a chreatlach fhisiciúil a fheabhsú, agus a íomhá a athrú ó bhonn ionas gur áiteanna tarraingteacha a bheidh in Oileán na nGéanna agus Lár Baile Thrá Lí dóibh siúd atá ina gcónaí sa cheantar, ag obair ann nó ag tabhairt cuairte air.
- b) Forbairt Lár Baile Thrá Lí Thiar a chur chun cinn mar cheantar a choinníonn a sheancharachtar uirbeach tionsclaíoch, a oidhreacht chultúrtha agus thógtha, agus ar ceantar beomhar agus ionchuimsithe go sóisialta é. Déanfar an ceantar a chur chun cinn chomh maith trí spás ríochta poiblí / taitneamhachta poiblí a fhorbairt mar chroílár do lár an bhaile trí éascaíocht a dhéanamh ar gheilleagar beomhar (i rith an lae agus san oíche).
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Oileán na nGéanna, téigh chuig suíomh gréasáin Oileán na nGéanna: theislandtralee.ie
Is tionscadal athghiniúna den “Scéim Deontais um Lárionad Uirbeach Sainithe” é “Tionscadal Lár Baile Thrá Lí Thiar / Oileán na nGéanna”, faoi “Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir 2014-2020”,
Tá sé cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Comhairle Contae Chiarraí agus é á bhainistiú ag Comhairle Contae Chiarraí, i gcomhpháirtíocht le Tionól Réigiúnach an Deiscirt.”
Dein teagmháil linn
Aonad Forbartha Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Chiarraí ,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066/7183500
r-phost:
enterprise@kerrycoco.ie