Ciste Tacaíochta Pobail 2024

Sheol Méara Chomhairle Contae Chiarraí an Clr. Jim Finucane agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí Moira Murrell an Ciste Tacaíochta Pobail 2024 ar an Aoine, 15ú Nollaig, 2023.

Tá gairm ar mhaoiniú fógartha ag an gComhairle anois don Chiste Tacaíochta Pobail 2024 a chuireann tacaíochtaí ar fáil do thionscadail agus tograí pobalbhunaithe i gCiarraí.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí i gContae Chiarraí a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu an pobal áitiúil a chur chun cinn agus a fhorbairt nó forbairt tionscadail a rachaidh chun leasa grúpa sa phobal. Caithfidh go mbeidh iarratais ar mhaoiniú bainteach le ceann amháin den cheithre cineál catagóirí tacaíochta seo a leanas:

  1. Pobail Nasctha, Ionchuimsitheacha & Sheasmhacha  
  2. Tionscnaimh Bailte Slachtmhara Pobail, Tograí Conláiste & Tograí Inbhuanaithe ó thaobh na Timpeallachta de
  3. Nuálaíocht Gheilleagrach Pobail                                                                       
  4. Turasóireacht, Féilte agus Imeachtaí Pobalbhunaithe
  5. Tionscnaimh Sábháilteachta Bóithre Pobail  

Is é an dáta dúnta d’iarratais comhlánaithe ná Céadaoin, 31ú  Eanáir, 2024 agus tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne, tríd an nasc seo a leanas: https://arcg.is/1mijL0

Ba chóir ceisteanna a chur trí mheán ríomhphoist chuig an gCeantar Bardasach a bhaineann le do chuid iarratais nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Pobail, Ealaíon agus Cultúir   ar (066) 7183680

 

Contact Us

The Community Department
County Buildings
Rathass
Tralee
Co.Kerry
066 7183680