An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail An Dara Babhta de Chiste Éigeandála COVID-19

Tá an Ciste Éigeandála COVID-19 á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (an Roinn) agus á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil. 

Seoladh an chéad bhabhta den Chiste Éigeandála COVID-19 in Aibreán agus bhí €2.5m i maoiniú i gceist. Is é seo an dara babhta de Chiste Éigeandála COVID-19 agus tá €1.7m i maoiniú i gceist leis.

Ba cheart iarratais a dhéanamh leis an LCDC cuí faoin 17:00 Céadaoin17ú Feabhra 2021.

Mhol an Roinn go gcuirfeadh na LCDCanna 30% den mhaoiniú ar leataobh chun deontais bheaga €1,000 nó níos lú a chur ar fáil.

Treoirlínte – An Dara Babhta de Chiste Éigeandála COVID-19

Dein teagmháil linn

An Rannóg Pobail
Áras an Chontae
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Ph: 066 7183680