Buaiteoirí Roimhe Seo de Sparánacht Scannáin Chiarraí

Buaiteoir na Bliana 2020 – “Ship of Souls”
Bronnadh Sparánacht Ghearrscannánaíochta Chiarraí 2020, ar fiú €10,000 chun gearrscannán a léiriú, ar Scríbhneoir/Stiúrthóir Jean Pasley, agus ar Léiritheoir Greg Burrowes, i leith a dtionscadail “Ship of Souls”

Buaiteoir na Bliana 2019 – “Harmless”
Ba iad Scríbhneoir/Stiúrthóir Tristan Heaune agus Léiritheoir Ronan Cassify as Carbonated Comet Productions buaiteoirí an dara Sparánacht Ghearrscannánaíochta. I script Tristan leantar an caidreamh idir seanfheirmeoir in áit iargúlta agus gasra spraoithiománaithe óga. Dírítear ar thaithí an tseanfhir agus an chaoi a bhfásann cúrsaí eatarthu.

Buaiteoir na Bliana 2018 – “Cailín Álainn”
Bronnadh an Chéad Sparánacht Ghearrscannánaíochta de Chomhairle Contae Chiarraí ar an ngearrscannán “Cailín Álainn” de chuid Léiritheoir Hazel Cullen agus Scríbhneoir/Stiúrthóir Megan K. Fox. Ba é ábhar an scannáin ná scéal pearsanta déagóra ina leantar an follasú agus an neart i láthair chora crua an tsaoil. Ar áireamh ann tá seal sa samhradh i gColáiste Gaeilge agus na heachtraí a tharlaíonn dá bharr sin. Deineadh scannánú ar “Cailín Álainn” sa Chlochán ag bun Chnoc Bréanainn.

 

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí,
Oifig na nEalaíon,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066/7183541
r-phost: arts@kerrycoco.ie /
kkennell@kerrycoco.ie