Céatadán ar son na hEalaíne

Ceanglaítear faoin Scéim “Céatadán ar son na hEalaíne” go gcaithfear suas le haon faoin gcéad den bhuiséad iomlán atá ag gach tionscadal caipitil, thar na ranna rialtais ar fad, a bheith curtha i leataobh mar chiste chun saothar ealaíne a choimisiúnú. Cuidíonn Oifig na nEalaíon leis an roinn choimisiúnúcháin san Údarás Áitiúil ó thaobh an scéim a chur i ngníomh. Tá sé mar aidhm ag an scéim, a bunaíodh sa bhliain 1978 agus a saothraíodh i lár na nóchaidí, tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí in Éirinn agus an ealaín a dhéanamh níos insroiste ag an bpobal i gcoitinne. Is féidir aon saghas a bheith i gceist leis an saothar ealaíne, m.s. dealbh a chuireann feabhas ar láithreacha poiblí, nó tionscadal a spreagann rannpháirtíocht sa phobal.

Céatadán i dtaca le Coimisiúin Ealaíne

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí,
Oifig na nEalaíon,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066/7183541
r-phost: arts@kerrycoco.ie /
kkennell@kerrycoco.ie