Éire Ildánach

Is éard atá sa Chlár “Éire Ildánach” ná tionscnamh cúig bliana ar bhonn an rialtais ar fad, ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2022, ar straitéis folláine go bunúsach í a bhfuil mar aidhm aici feabhas a chur ar an dteacht ar ghníomaíocht chruthaitheach chultúrtha i ngach contae ar fud na tíre.

Agus é lonnaithe in Oifig na nEalaíon i gComhairle Contae Chiarraí, tá Clár Chiarraí “Éire Ildánach” ag tacú le hearnáil chruthaitheach Chiarraí agus ag cur na hearnála sin in iúl.

Tá Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta 5 bliana (2018-2022) saothraithe do Chontae Chiarraí i gcomhairle le healaíontóirí na háite, le daoine cruthaitheacha, le heagraíochtaí cultúir agus le heagraíochtaí oidhreachta, le dreamanna pobail, leis na tionscail chruthaitheacha, le lárionaid oideachais agus le scoileanna.

Tá an straitéis ar fáil lena híoslódáil anseo: Straitéis Chruthaitheacha Chiarraí 2018-2022

Is féidir leat amharc ar na himeachtaí san am atá thart agus san am i láthair faoi Chlár Chiarraí “Éire Ildánach” anseo:  https://creative.ireland.ie/en/creative-communities/kerry

Chun a thuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin “Éire Ildánach”: http://creative.ireland.ie/

Cliceáil anseo chun Forbhreathnú ar Straitéis Chiarraí “Éire Ildánach” a léamh

 

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí,
Oifig na nEalaíon,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066/7183541
r-phost: arts@kerrycoco.ie /
kkennell@kerrycoco.ie