Rian Ceoil Shliabh Luachra

Comhthionscnamh is ea Rian Ceoil Shliabh Luachra ina bhfuil Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí páirteach. Baineann nós sainiúil ar leith de cheol traidisiúnta le Sliabh Luachra agus trí fhorbairt a dhéanamh ar Rian Ceoil Shliabh Luachra, is éard is aidhm linn ná an traidisiún seo a cheiliúradh. Ar na cuspóirí tá raon beart a bhfuil sé mar aidhm acu oidhreacht uathúil cheoil an cheantair a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Eochairchuspóirí:

  • Oidhreacht cheoil Shliabh Luachra a cheiliúradh.
  • Turasóireacht chruthaitheach chultúrtha i Sliabh Luachra a chur chun cinn.
  • Deiseanna ar léiriú cheol Shliabh Luachra a chruthú agus suim i léiriú an cheoil sin a ghríosú.
  • Clár oideachais a fhorbairt chun suim agus rannpháirt i gceol Shliabh Luachra a spreagadh.

Is éard atá i gceist le Rian Ceoil Shliabh Luachra ná coistí áitiúla na bhféilte ag obair le chéile chun clár imeachtaí ó cheann ceann na bliana a chruthú, ina measc ceolchoirmeacha, ceardlanna, máistir-ranganna agus léachtaí.

Láithreán Gréasáin: sliabhluachra.ie

 

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí,
Oifig na nEalaíon,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066/7183541
r-phost: arts@kerrycoco.ie /
kkennell@kerrycoco.ie