Bunachar Sonraí na nEalaíon

Ós rud é gur mó ealaíontóir atá ag cónaí i gCiarraí agus gur maith an bonneagar atá ann, tá ardleibhéal gníomhaíochta ealaíonta sa chontae. Sa bhunachar sonraí seo tugtar léargas ar an gcontae cruthaitheach seo. Aon ealaíontóir nó aon eagraíocht ealaíon lenar mian a bheith mar chuid den bhunachar sonraí seo, is cóir dó nó di Foirm Iarratais Bhunachar Sonraí Ealaíon Chiarraí a líonadh agus í a chur tríd an ríomhphost go dtí arts@kerrycoco.ie

Téigh Isteach sa Bhunachar Sonraí ar Líne

Do shonraí a chur bord ar bhord leis an eolas is déanaí

Cuir in iúl d’Oifig na nEalaíon, le do thoil, faoi athruithe ar do shonraí pearsanta mar do sheoladh, d’uimhir theagmhála, srl.

Clásal Séanta:

Tugann Oifig na nEalaíon de Chomhairle Contae Chiarraí an-aire do thiomsú an eolais i gcomhair Bhunachar Sonraí na nEalaíon.  Ní ghabhann Oifig na nEalaíon aon dliteantas uirthi féin, agus séanann sí leis seo aon dliteanas i leith aon pháirtí as caillteanas nó dochar de dheasca earráidí nó easnamh i mBunachar Sonraí Ealaíon Chomhairle Contae Chiarraí.

Forchoimeádann Comhairle Contae Chiarraí an ceart chun eagar a chur ar an eolas a fhaightear lena chuimsiú i mBunachar Sonraí na nEalaíon.

Is gnó go hiomlán don pháirtí ag a bhfuil ealaíontóir á fhruiliú atá in aon cheist faoi oiriúnacht agus/nó cumas aon ealaíontóra i mBunachar Sonraí na nEalaíon ó thaobh seirbhísí ealaíontóra a chur ar fáil, agus níl aon imscrúdú ina thaobh seo déanta ag Comhairle Contae Chiarraí.

 

Déan Teagmháil Linn

Comhairle Contae Chiarraí,
Oifig na nEalaíon,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066/7183541
r-phost: arts@kerrycoco.ie /
kkennell@kerrycoco.ie