Comhroinnt Baile agus Ligin Ghearrthéarmaigh

Ní bheidh feidhm ag na forálacha nua ach i réimsí atá ainmnithe mar ‘chriosanna brú cíosa’ faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, arna leasú. Ní chuireann na socruithe nua isteach ar bhealach ar bith ar ligean gearrthéarmach i gceantair lasmuigh de na criosanna ainmnithe brú cíosa.

Is féidir an fhaisnéis uile maidir le ligean gearrthéarmach a fháil anseo.

Rialáil Nua Ligin Ghearrthéarmaigh

Ar 22 Aibreán 2020 ainmníodh LEA Chill Airne mar Crios Brú Cíosa

Mar chuid de bhearta a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar bhrúnna sa mhargadh cíosa tithíochta príobháidí, tá athchóirithe reachtacha nua pleanála atá ceaptha chun an earnáil ligin ghearrthéarmaigh a rialáil le teacht in éifeacht an 1 Iúil 2019. Foráiltear do na hathchóirithe sin san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019, agus i rialacháin fhorlíontacha dar teideal ‘Na Rialacháin fán Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 2), 2019’ ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Faoi Ghníomh 18 den Straitéis don Earnáil Chíosa a foilsíodh i mí na Nollag 2016, bunaíodh Grúpa Oibre a bhí comhdhéanta d’ionadaithe do na mór-gheallsealbhóirí poiblí uile a bhfuil leas beartais acu i ligean gearrthéarmach. Bhí sé de dhualgas air breithniú a dhéanamh ar bhearta a bhfuil mar aidhm leo ligean gearrthéarmach cóiríochta a éascú laistigh d’áiteanna cónaithe buana (comhroinnt tí), an stoc áiteanna cónaithe atá ann cheana i limistéir ina bhfuil éileamh ard orthu a chosaint, agus soiléire a thabhairt maidir leis an gcur chuige rialála is cuí – ó thaobh cúrsaí pleanála de – le haghaidh ligean gearrthéarmach atá bainteach leis an turasóireacht, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don ról tábhachtach a imríonn ligean gearrthéarmach maidir le cóiríocht a sholáthar do thurasóirí.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil ón nGrúpa Oibre agus ar na moltaí atá sa tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil maidir le ligean gearrthéarmach, d’fhógair an tAire pleananna chun ligean gearrthéarmach a rialáil i mí Dheireadh Fómhair 2018.

Agus iad leagtha síos sa reachtaíocht anois, tá sé mar aidhm phríomha leis na hathchóirithe aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an margadh príobháideach cíosa atá ag áiteanna cónaithe a úsáid le haghaidh ligean gearrthéarmach de chineál turasóireachta i limistéir ina bhfuil éileamh ard ar thithe. Dá réir sin, ní bheidh feidhm ag na forálacha nua ach amháin i limistéir atá ainmnithe mar “criosanna brú cíosa” faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, arna leasú.

Ní dhéanfar aon difear ar bith do ligean gearrthéarmach lasmuigh de na criosanna brú cíosa ainmnithe mar thoradh ar na socruithe nua.

Faoi na socruithe nua is infheidhme i gcriosanna brú cíosa:

  • Sainmhínítear ligean gearrthéarmach mar theach nó árasán, nó cuid de theach nó d’árasán, a ligean ar cíos ar feadh aon tréimhse nach faide ná 14 lá.
  • Leanfar le comhroinnt tí (seomra nó seomraí i bpríomháit chónaithe phríobháideach an duine a ligean ar cíos) a cheadú ar bhonn neamhshrianta agus beidh sí díolmhaithe ó na ceanglais nua phleanála.
  • Ceadófar do chomhroinnteoirí tí a bpríomháit chónaithe phríobháideach ar fad (teach nó árasán) a fholigean ar cíos ar bhonn gearrthéarmach ar feadh tréimhse charnach 90 lá i gcás go bhfuil siad as láthair go sealadach óna n-áit chónaithe.
  • I gcás go rachfar thar an tairseach 90 lá, beidh cead pleanála um athrú úsáide ag teastáil.

Más rud é go ndéanann tú do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos mar chomhroinnt tí i gcrios brú cíosa agus go bhfuil tú ag iarraidh leas a bhaint as na díolúintí nua pleanála, beidh ort an méid sin a chlárú le d’údarás áitiúil agus oibleagáidí sonraithe tuairiscithe a chomhlíonadh.

I gcás go bhfuil ag duine réadmhaoin i gcrios brú cíosa nach ionann í agus a p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach agus go bhfuil sé beartaithe aige/aici í a ligean ar cíos chun críocha ligin ghearrthéarmaigh, áfach, ceanglófar air/uirthi iarratas a dhéanamh ar chead pleanála um athrú úsáide ach amháin i gcás go bhfuil cead pleanála sonrach ag an réadmhaoin cheana féin lena húsáid chun críocha ligean turasóireachta nó ligin ghearrthéarmaigh.

Ullmhaíodh an doiciméad gaolmhar “Ceisteanna Coitianta” chun cabhrú le tuiscint níos cuimsithí agus níos mine a éascú ar na hathchóirithe nua ligin ghearrthéarmaigh agus ar na hoibleagáidí nua tuairiscithe atá ar chomhroinnteoirí tí.

Doiciméid Bhainteacha


Íoslódáil na doiciméid is déanaí


Reachtaíocht Ghaolmhar 


Seol gach foirm ar ais chuig:  Comhroinnt Tí agus Ligean Gearrthéarmach, An Roinn Pleanála, Foirgnimh an Chontae, Rathass, Trá Lí, Co. Chiarraí,  V92H7VT

Forfheidhmiú Rialáil Nua Ligin Ghearrthéarmaigh

Ionas go mbeidh an tionchar inmhianaithe ag na forálacha nua agus go mbainfidh siad amach a gcuspóir réadmhaoine a thabhairt ar ais sa mhargadh ligin fadtéarmach ag féachaint don ghanntanas cóiríochta san earnáil seo faoi láthair, cuirfidh an tÚdarás Pleanála na forálacha nua i bhfeidhm agus úsáidfidh siad iad na cumhachtaí atá ar fáil dóibh chun dul i ngleic le daoine aonair atá ag gabháil do ghníomhaíocht ligin ghearrthéarmach neamhúdaraithe.

Ba chóir gearáin i dtaobh forfheidmiú pleanála a dhéanamh i scríbhinn, leis an údarás pleanála áitiúil. Ba chóir do ghearáin a bheith chomh sonrach agus is féidir, go hidéalach ag leagan amach:

  • cineál agus méid na forbartha/an ligin ghearrthéarmaigh neamhúdaraithe liomhnaithe
  • suíomh agus seoladh iomlán na forbartha neamhúdaraithe liomhnaithe
  • amlíne (i.e. cé chomh fada is atá an fhorbairt ar bun nó cén uair ar tharla an sárú líomhnaithe)
  • iarmhairtí na forbartha (ort féin, ar an timpeallacht, ar an gceantar máguaird etc.)
  • sáruithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú – i.e. sáruithe ar cheanglais dlí eile

Faoi na hAchtanna Pleanála, tá oibleagáid ar údaráis phleanála gearáin shubstainteacha i scríbhinn maidir le sáruithe ar an gcód pleanála a fhiosrú agus a imscrúdú, ach amháin má mheastar gur gearán fánach nó cráiteach é.

An Roinn Pleanála, An t-Aonad Forfheidhmithe,
Comhairle Contae Chiarraí, Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá , Co. Chiarraí.

Planning Department, Enforcement Unit
Kerry County Council, Áras an Chontae,
Rathass, Tralee, Co. Kerry.

T. (066) 7183795
F. (066) 7120328
enforcement@kerrycoco.ie