Eastáit Tithíochta

Tugann Aonad na nEastát Tithíochta faoi na feidhmeanna seo a leanas do chontae Chiarraí ar fad (lena n-áirítear bailte Thrá Lí, Chill Airne agus Lios Tuathail):

  • Eastáit Tithíochta a scrúdú.
  • Éileamh a dhéanamh ar bhannaí le héilimh mhiondealaithe agus chostáilte.
  • Dul sa tóir ar ráthóirí chun aon éileamh banna neamhíoctha a réiteach.
  • Bannaí a laghdú/scaoileadh de réir mar is cuí.
  • Airgead bannaí a fhaightear a aistriú go dtí Oibríochtaí, chun go ndéanfar pé oibreacha riachtanacha is féidir a mhaoiniú as an airgead sin.
  • Sceideal oibreacha / Pleananna Réitigh Láithreán a aontú le ráthóirí/forbróirí/glacadóirí.
  • Glacadh ar láimh eastát tithíochta de réir an bheartais a glacadh ag Comhairle Contae Chiarraí maidir le glacadh ar láimh agus de réir an Mheabhráin Tuisceana idir Uisce Éireann agus Comhairle Contae Chiarraí maidir leis an mbonneagar seirbhísí uisce a ghlacadh ar láimh.
  • Tuairim a nochtadh i dtaca le hiarratais phleanála a fhaightear d’eastáit tithíochta nua, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin inmheánach.

Polasai Um Eastáit Tithíochta A Thógáil Ar Láimh

Nasc le haghaidh Ceantar lena mbaineann tarscaoileadh i leith Cáin Mhaoine Áitiúil. 

Teimpléad Banna Comhairle Contae Chairraí

Comhaontú Bainistíochta faoi Alt 47