Soláthar

Is é an sainmhíniú atá luaite le Soláthar Poiblí, cibé acu atá nó nach bhfuil sé faoi chonradh foirmiúil, oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a bheith á n-éadáil ag comhlachtaí poiblí. Cuimsítear ann gnáthsholáthairtí nó gnáthsheirbhísí agus tairiscint fhoirmiúil agus conarthaí a bhunú le haghaidh mórthionscadal infreastruchtúir.

Tá ról comhordúcháin ag an Rannóg Soláthair sa Roinn Airgeadais i ndáil lena chinntiú go bhfuil béim eagraíochta á leagan ar dhea-chleachtas i soláthar agus go bhfuil nósanna imeachta bunaithe a chinnteoidh go mbeidh luach ar airgead á fháil agus go mbeidh ardchaighdeán oscailteachta, trédhearcachta agus comhlíontachta ann i ndáil le treoirlínte agus reachtaíocht ábhartha soláthair phoiblí.

Is é Beartas Chomhairle Contae Chiarraí a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí soláthair á gcur i gcrích ar shlí atá comhlíontach le ceanglais Soláthair Phoiblí agus de réir dea-chleachtais.

Tá Comhairle Contae Chiarraí faoi cheangal ag Treoracha AE, Reachtaíocht agus Beartas Rialtais ina feidhm soláthair. Is iad tairseacha Luach Conartha atá mar bhonn leis na nósanna imeachta a leantar a chinneadh. Tá na tairseacha reatha le fáil ar shuíomh gréasáin sholáthar poiblí an Aontais Eorpaigh: http://simap.ted.europa.eu/.

Forchuireann Treoracha an AE oibleagáid dhlíthiúil ar chomhlachtaí poiblí úsáid a bhaint as nósanna imeachta oibiachtúla tairisceana. Ní mór conarthaí lena mbaineann luachanna measta níos airde ná na tairseacha atá sonraithe sna Treoracha a fhógairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU).

De réir bheartas an Rialtais, ní mór gach conradh de chuid Chomhairle Contae Chiarraí atá cothrom le níos mó ná €25,000 (seachas CBL) le haghaidh soláthairtí agus seirbhísí agus cothrom le níos mó ná €50,000 (seachas CBL) le haghaidh oibreacha a fhógairt mar chuid de phróiseas tairisceana foirmiúla ar eTenders.

 

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm