Ionad Soláthair Oibríochtúil Rialtais Áitiúil

s seirbhís chomhroinnte náisiúnta é an tIonad Soláthair Oibríochtúil Rialtais Áitiúil (ISORA) atá suite i gCill Airne, aonad atá freagrach as dea-chleachtas soláthair a bhainistiú, a fhorbairt agus a chur chun cinn faoi na catagóirí earnála Rialtais Áitiúil seo a leanas – Gléasra ar Cíos agus Mionoibreacha Tógála & Oibreacha Sibhialta. Feidhmíonn an tAonad mar phríomhchomhlacht ceannaigh faoi choimirce Chomhairle Contae Chiarraí, agus comhordaítear bunú Chomhaontuithe Creata Náisiúnta agus Córas Ceannacháin Dinimiciúil chun oibreacha, earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi na catagóirí seo chun freastal ar riachtanais an rialtais áitiúil agus comhlachtaí eile san earnáil phoiblí.

Tá tairseach soláthair phoiblí ag ISORA ag www.Supplygov.ie a sholáthraíonn ardán leictreonach chun conarthaí a bhronnadh ar Údaráis chun soláthar oibreacha, earraí agus seirbhísí ó Sholáthraí cuícháilithe a fheidhmiú agus a bhainistiú ar bhealach atá comhlíontach agus éifeachtach.

Is fiú na socruithe atá bunaithe ag ISORA i láthair na huaire agus caiteachas bliantúil iomlán measta sa bhreis ar €500m agus tá breis is 2,500 soláthraí difriúil páirteach sa phróiseas, ar mhicrithionscadail agus fiontair bheaga a bhformhór.

Tá tuilleadh sonraí le fáil ag www.Supplygov.ie.

 

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm