Athluacháil Chiarraí 2021

Réamhrá

Mar chuid de phróiseas náisiúnta atá á chur i gcrích ar fud an Stáit, tá tús curtha ag an Oifig Luachála le Próiseas Athluachála Rátaí le haghaidh gach maoin inrátaithe i gCo. Chiarraí. Shínigh an Coimisinéir Luachála, an tUasal John O’Sullivan, an tOrdú Luachála do Chiarraí ar an 4 Samhain, 2019, rud a chuir tús go foirmiúil leis an bpróiseas.

Is í An Oifig Luachála eagraíocht luachála maoine Stát na hÉireann. Is é ról na hOifige luachálacha beachta, cothrom le dáta, a chuir ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis áitiúla ar mhaoin tráchtála agus thionsclaíoch. Ansin ríomhann Comhairle Contae Chiarraí agus údaráis áitiúla eile na rátaí tráchtála bunaithe ar na luachálacha atá curtha ar fáil ag an Oifig Luachála.

Tá sé mar aidhm leis an bPróiseas Athluachála a chinntiú go bhfuil bonn luachála nua-aimseartha ann chun rátaí tráchtála a thobhach ar bhonn cothrom agus cothromais i ngach earnáil den gheilleagar. Táthar ag súil go mbeidh caidreamh níos dlúithe á sholáthar idir luach cíosa nó luachála maoine agus an dliteanas rátaí tráchtála.

Tógann sé 2 bhliain an próiseas a chur i gcrích, agus tá sé beartaithe ag an Oifig Luachála go mbeidh tuilleadh athluachálacha á ndéanamh i gach contae gach 5-10 mbliana. 

Tuilleadh Eolais

Tá cóip de na doiciméid shamplacha a fuair gach íocóir rátaí, agus den bhileog eolais le fáil anseo.

Ina theannta sin, fógrófar tuilleadh eolais ar an raidió áitiúil agus sa phreas.

Beidh tuilleadh eolais, nuair a bhíonn sé ar fáil, le fáil ar an leathanach gréasáin seo ag www.kerrycoco.ie.

Tá tuilleadh eolais maidir le hathluacháil le fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige Luachála www.valoff.ie Chomh maith leis sin, tá eolas le fáil ar chuntas Twitter na hOifige Luachála @VO_Ireland

Chomh maith leis sin, is féidir fiosrúcháin shonracha a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist reval2021@valoff.ie nó teagmháil a dhéanamh linn trí ghlaoch ar an uimhir 01-817 1033  ar an uimhir Íosghlao 1890 531 431.

 

Dátaí Tábhachtacha

Ordú Luachála Nua sínithe:

An 4 Samhain 2019

Dáta na Luachála;

An 16 Meán Fómhair 2019

Eisíonn an Oifig Luachála Teastais Bheartaithe Luachála

Ráithe 1 2021

Tréimhse chun Uiríll a Dhéanamh

40 lá ó Theastais Bheartaithe Luachála a Eisiúint

Liosta Luachála Foilsithe

An 15 Meán Fómhair 2021

Achomhairc chuig an mBinse Luachála

Laistigh de 28 lá ó fhoilsiú an Liosta Luachála

Dáta ar a mbeidh éifeacht leis na luachálacha nua chun críocha rátaí

An 1 Eanáir 2022

 

Dein teagmháil linn

An Roinn Airgeadas,
Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: Cuntais Iníoctha: 066-71-83500-Folíne 3366
FMS : 066-71-83520
Rátaí/ACPNP: 066-7162100
Uaireanta Oscailte, Luan go hAoine, 9.00am go dtí 5.00pm