Tuilleadh Eolais

Ceadúnais Carbhán agus Champála
Tá an Chomhairle freagrach as ceadúnais do charbháin agus d’áiseanna campála a eisiúint agus a rialú, faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948. Déantar ceadúnais a eisiúint ar bhonn bliantúil.

Cuardaigh Phleanála Mhaoine
Déanann an Rannóg Pleanála cuardaigh phleanála mhaoine ach na táillí forordaithe a bheith íoctha. Tá an tseirbhís seo ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh maoin a fháil nó a dhiúscairt, nó daoine ar mhaith leo acmhainn forbartha a shoiléiriú i dtaca le maoin atá ann cheana.

Athnuachan Uirbeach
Mar chuid den Scéim um Athnuachan Uirbeach (1998), arna cur chun cinn ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, tá an Rannóg Pleanála tar éis a bheith páirteach in ullmhú Pleananna Limistéar Comhtháite do réimse limistéar sa Chontae.

Scéim Deontais Caomhnaithe do Dhéanmhais Chosanta
Tá an Scéim Deontais Caomhnaithe do Dhéanmhais Chosanta á feidhmiú ag an Údarás Pleanála, ar son na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Is é aidhm na scéime seo ná cuidiú le húinéir nó áitritheoir déanmhais – atá faoi chosaint toisc gur díol spéise é ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir nó eolaíochta nó ó thaobh cúrsaí sóisialta nó teicniúla – oibreacha caomhantais ar an déanmhas sin a ghabháil de láimh.

Ní ann do cheart uathoibríoch chun deontais faoin scéim seo. Déantar méid socraithe a leithdháileadh ar gach údarás áitiúil in aghaidh na bliana féilire i gcomhair íocaíochtaí deontais. Dá réir sin, cuirtear iarratais ar dheontais in ord tosaíochta gach bliain, de réir na n-acmhainní atá ar fáil agus de réir na dtéarmaí a leagtar amach ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Chuimseodh oibreacha cáilitheacha, i measc rudaí eile, na nithe seo a leanas:

a) oibreacha atá riachtanach chun daingne déanmhais nó cuid de dhéanmhas a chinntiú,
b) oibreacha atá riachtanach chun déanmhas a dhéanamh síondíonach nó taisdíonach,
c) oibreacha atá riachtanach chun ballaí seachtracha nó gnéithe inmheánacha a chaomhnú nó a dheisiú.

Déantar an Scéim seo a fheidhmiú ar bhonn bliantúil (de rogha na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Rannóg um Pleanáil chun Cinn.