Rialáchán maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF)

Faireachas ar an Margadh maidir le Táirgí Foirgníochta

Cé gur tháinig an RTF i bhfeidhm agus go mbaineann feidhm dhíreach sa dlí leis ar feadh an Aontais Eorpaigh ar fad ón 1 Iúil 2013, bíonn gach Ballstát freagrach as a chuid gníomhaíochtaí faireachais féin ar an margadh a rialáil de réir cheanglais shonracha an RTF agus na gceanglas uileghabhálach níos leithne i gCaibidil III de Regulation (EU) No. 765/2008 of the European Parliament and of the Council of 9 July 2008 setting out the requirements for accreditation and market surveillance relating to the marketing of products and repealing Regulation (EEC) No 339/9.

In Éirinn, forálann European Union (Construction Products) Regulations 2013 (S.I. No.225 of 2013) le haghaidh:

  • faireachais ar an margadh maidir le táirgí foirgníochta agus aird á tabhairt ar cheanglais an RTF agus Rialachán (AE) Uimh. 765/2008,
  • údaráis um rialú foirgníochta a bhunú mar na húdaráis faireachais ar an margadh i gcomhair táirgí foirgníochta (cé go mbíonn an cumhacht ag an Aire údaráis inniúla eile a cheapadh chun tabhairt faoi fhaireachas ar an margadh i leith réimsí táirgí sonracha),
  • oifigigh údaraithe agus a gcuid cumhachtaí a cheapadh i leith faireachais ar an margadh,
  • cionta, pionós agus ciontuithe, agus
  • táirgí foirgníochta a scriosadh nó a dhiúscairt i gcás go bhfuil duine ciontaithe ar díotáil i gcionta áirtithe faoi na rialacháin.

 Tuilleadh Eolais
An tÚdarás um Rialú Tógála
Comhairle Contae Chiarraí,
Stáisiún Dóiteáin,
Ballúamhnach,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7123111
Ríomhphost: buildingcontrol@kerrycoco.ie

DCC-NBCO National Market Surveillance Unit
Email: support@nbco.gov.ie

Dein teagmháil linn

Rialú Tógála
Comhairle Contae Chiarraí,
Stáisiún Dóiteáin,
Ballúamhnach,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7123111
r-phost: buildingcontrol@kerrycoco.ie