Rialáchán maidir le Táirgí Foirgníochta

Breatimeacht – Rialachán Tairgí Foirgníochta

Le linn 2020, leanfaidh na Ríochta Aontaithe (RA) ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) agus leanfaidh an AE de bheith ag caitheamh leis an RA amhail is dá mba ballstát í. Tugtar an idirthréimhse air seo, atá le críochnú an 31 Nollaig 2020. Ní bheidh aon athruithe láithreacha ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ina gcuid déileálacha laethúla. Beidh rudaí difriúil nuair a bheidh an idirthréimhse thart. Tugann na míonna aistrithe seo am chun pleanáil agus ullmhú.

Sheol an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra (i mBéarla amháin) in Iúil 2020 chuig gach páirtí leasmhar le hiad a chur ar an eolas ar dhá chumarsáid a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí faoi dheireadh na hidirthréimhse.

  1. Fógra chun cabhrú le húdaráis náisiúnta, gnólachtaí agus saoránaigh chun ullmhú do na hathruithe dosheachanta a thiocfaidh aníos ag deireadh na hidirthréimhse.
  2. Fógra ullmhachta a bhain le hearnáil ar leith maidir le táirgí tionsclaíocha.

Tá reachtaíocht déanta ag an Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta a d’fhéadfadh teacht chun cinn do shaoránaigh agus do ghnóanna tar éis deireadh na hidirthréimhse.

Chun teacht ar eolas breise ar thionchar Brexit agus deireadh na hidirthréimhse ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (an RTF), léigh an Mhír maidir le himpleachtaí Brexit i rith 2020 thíos.

Cad é an Rialachán maidir le Tairgí Foirgníochta?
Reachtaíocht de chuid an AE is ea Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta (AE) Uimh. 305/2011 (RTF) lena ndírítear ar bhacainní teicniúla ar thrádáil a laghdú agus saorghluaiseacht táirgí foirgníochta áirithe laistigh de AE a áirithiú. Tá sé mar aidhm aige bacainní teicniúla a bhíonn roimh thrádáil a laghdú agus saorghluaiseacht táirgí áirithe foirgníochta laistigh den AE a chinntiú. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin RTF ar an suíomh gréasáin.

Nuair a bhíonn táirge foirgníochta atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe á chur ar mhargadh an AE, éilíonn an RTF go ndréachtódh an monaróir ‘dearbhú feidhmíochta’ agus go ngreamódh sé marcáil ‘CE’ den táirge. Cuireann an RTF breis dualgas ar mhonaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe (nuair is bainteach).

Tugann caighdeáin chomhchuibhithe sainmhíniú ar na modhanna agus na critéir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú táirgí foirgníochta agus leagann siad amach a mhéad measúnacht tríú páirtí a theastaíonn le cur ar chumas monaróirí an dearbhú feidhmíochta a dhréachtú agus an mharcáil CE a ghreamú. Is iad ‘comhlachtaí dá dtugtar fógra’ amháin is féidir tabhairt faoi mheasúnacht tríú páirtí. Ní mór go mbeadh na ‘comhlachtaí dá dtugtar fógra’ bunaithe i mballstát agus ainmnithe ag an ‘údarás a thugann fógra’ de chuid an bhallstáit.

Impleachtaí an Bhreatimeachta le linn 2020 (an idirthréimhse)

Le linn na hidirthréimhse:
Ní mór do dhéantúsóirí, allmhaireoirí, dáileoirí agus ionadaithe údaraithe leanúint ag cloí leis an CPR agus tairgí foirgníochta á gcur ar mhargadh na hÉireann/an AE.

Tá stádas ‘comhlachtaí dá dtugtar fógra’ de chuid an AE ag ‘comhlachtaí dá dtugtar fógra’ de chuid na RA fós; is é sin, go bhfuil siad in ann tascanna measúnaithe comhréiteacha a dhéanamh chun críocha an CPR.

Tá na hoibleagáidí céanna ag ‘dáileoirí’ Éireannacha i dtairgí foirgníochta na RA faoin CPR agus a bhí acu roimh an mBreatimeacht.

Ba chóir do thógalaithe, dearthóirí, sonraitheoirí, deimhnitheoirí agus gairmithe foirgníochta ullmhú le haghaidh tionchair fhéideartha ar shlabhraí soláthair nuair a thagann deireadh leis an idirthréimhse. Ba chóir dóibh a gcuid slabhraí soláthair a scrúdú lena chinntiú go mbeidh táirgí foirgníochta oiriúnacha le caipéisíocht chuí a léireoidh comhlíonadh le fáil tar éis 2020. San earnáil tógála, tá thart ar 40% den trádáil leis an RA.

Má tá sé ar intinn agat trádáil leis an RA in 2021 beidh uimhir uathúil Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI) de dhíth ort. Is féidir leat clárú le haghaidh uimhir EORI trí rannóg seirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ón 01 Eanáir 2021 (nó nuair a thagann an idirthréimhse chun críche):

Ní mór do mhonaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe a chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid dualgas agus freagrachtaí, de réir mar atá leagtha amach sa RFT.

Ní mór go mbeadh allmhaireoirí agus ionadaithe údaraithe a bheith bunaithe i san AE-27.

Beidh ar monaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí agus ionadaithe údaraithe leanuint ar aghaidh le na bearta cuí a dhéanamh le cinntiú go mbíonn teastais acu faoi fhreagracht ‘comhlachta dá dtugtar fógra’ de chuid AE-27 (is é sin, ‘comhlacht dá dtugtar fógra’ atá cláraithe i gceann de na 27 tír de chuid an AE).

Maidir le táirgí foirgníochta atá ag brath ar ‘chomhlacht dá dtugtar fógra’ de chuid na Ríochta Aontaithe faoi láthair, ní mór do monaróirí, allmhaireoirí, imdháileoirí nó ionadaithe údaraithe:

  • socrú a dhéanamh chun go ndéanfaí a gcuid comhad agus na teastais a ghabhann leo a aistriú ón ‘gcomhlacht dá dtugtar fógra’ de chuid na Ríochta Aontaithe (‘comhlacht dá dtugtar fógra’ atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe) go ‘comhlacht dá dtugtar fógra’ de chuid AE-27, nó
  • cur isteach ar theastas úr le ‘comhlacht dá dtugtar fógra’ de chuid AE-27


Impleachtaí an Phrótacail ar Éirinn/Thuaisceart Éireann i ndáil leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta

Beidh feidhm leis an bPrótacal ar Éirinn/Thuaisceart Éireann, arb ionann é agus cuid den Chomhaontú Aistarraingthe idir an AE agus an Ríocht Aontaithe (RA), ón 01 Eanáir 2021. Dá thoradh, leanfaidh feidhm a bheith le rialacha áirithe AE, go háirithe iad sin a bhaineann le hearraí, i dTuaisceart Éireann.
D’fhoilsigh Coimisiún an AE raon fógraí (i mBéarla amháin) maidir le hullmhú do dheireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear fógra maidir le táirgí tionsclaíocha (i mBéarla amháin). Áirítear sna fógraí seo treoir maidir leis an bPrótacal ar Éirinn/Thuaisceart Éireann áit ar cuí.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh Rialtas RA treoir maidir le cur chun feidhme an Phrótacail.

Seo a leanas roinnt de na himpleachtaí a bheidh ag an bPrótacal ar Éirinn/ar Thuaisceart Éireann i ndáil leis an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta nuair a thagann deireadh leis an idirthréimhse:

  • Caithfidh reachtaíocht infheidhme AE a bheith á comhlíonadh ag táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh i dTuaisceart Éireann.
  • Ní ghlactar le táirge tógála monaraithe i dTuaisceart Éireann, deimhnithe ag Comhlacht a dtugtar Fógra ina leith AE-27 agus seolta chuig an AE, mar tháirge iompórtáilte chun críche lipéadú agus sainaithint oibritheoirí eacnamaíocha/‘daoine freagracha’.
  • Féadfar iompórtalaithe, ionadaithe údaraithe agus ‘daoine freagracha’ eile a bhunú i dTuaisceart Éireann.
  • Níl teastais eisithe ag comhlacht measúnaithe comhréireachta sa Ríocht Aontaithe bailí i dTuaisceart Éireann nó san AE. Féadfaidh Comhlacht a dtugtar Fógra ina leith i dTuaisceart Éireann, áfach, leanúint le táirgí a dheimhniú in imthosca áirithe.
  • Maidir le táirgí foirgníochta neamh-chomhchuibhithe, ní bheidh prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i mBallstát amháin maidir le hearraí arna gcur ar an margadh go dleathach i mBallstát eile i bhfeidhm i ndáil le hearraí curtha ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann. Ciallaíonn sé seo nach féidir táirge foirgníochta a chur ar an margadh go dleathach i dTuaisceart Éireann a agairt nuair a chuirtear an táirge sin ar an margadh san AE. Is féidir, áfach, táirge foirgníochta a chur ar an margadh go dleathach i mBallstát a agairt sa chás go gcuirtear an táirge sin ar an margadh i dTuaisceart Éireann.

Is féidir leat na rialacha infheidhme ar fad a léamh anseo (i mBéarla amháin).

Cad ba chóir súil a choinneáil amach dó ar mharcáil CE táirge foirgníochta

Soláthraíonn suíomh gréasáin ‘Nando’ an Choimisiún AE an liosta iomlán de na ‘gcomhlachtaí dá dtugtar fógra’ uile-AE atá ann faoi láthair (i mBéarla amháin)

Leagan inrochtaine – Graific cad ba chóir súil a choinneáil amach dó ar mharcáil CE táirge foirgníochta (i mBéarla amháin)

Tacaíocht agus Treoir
Le tacaíocht agus treoir a fháil maidir le caighdeáin agus deimhniú, déan teagmháil leis an Údarás um Chaighdeán Náisiúnta na hÉireann (i mBéarla amháin). Seol ríomhphost chuig brexitunit@nsai.ie nó glaoigh ar 01-807 3800.

Mura mbíonn oibritheoirí cinnte, ba chóir dóibh smaoineamh faoi chomhairle phroifisiúnta a lorg maidir leis an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar a gcuid dualgas.

Údarás a Thugann Fógra – An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an RTRAO) freagrach as caighdeáin, beartas agus rialúchán a fhorbairt, an RTF ina measc. Chomh maith leis sin, is í an RTRAO an ‘t-údarás a thugann fógra’ do tháirgí foirgníochta atá cumhdaithe ag an RFT.

Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoin nós imeachta maidir le fógraí ar an suíomh gréasáin.

Tuilleadh Eolais
Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

https://www.housing.gov.ie/ga/corparaideach/brexit/brexit

Dein teagmháil linn

Rialú Tógála
Comhairle Contae Chiarraí,
Stáisiún Dóiteáin,
Ballúamhnach,
Trá Lí, Co. Chiarraí.
Fón: (066) 7123111
r-phost: buildingcontrol@kerrycoco.ie