Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín

 

Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 20(1) d’Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (arna leasú) go bhfuil Dréachtphlean Ceantair Áitiúil (LAP) ullmhaithe do Cheantar Bardasach Neidín ag Comhairle Contae Chiarraí arb iad an tÚdarás Pleanála i gContae Chiarraí iad. Áirítear sa Cheantar Bardasach na lonnaíochtaí seo a leanas:      

Bailte Réigiúnacha

Cathair Saidhbhín, Neidín, Cill Orglan

Bailte Dúiche

An tSnaidhm, An Coireán

Sráidbhailte

Baile an Sceilg, Lios an Phúca, Baile an tSéipéil, Dún Géagáin, Gleann Beithe, Cill Gharbháin, Baile an Ridire, An Caladh 

Lonnaíochtaí na Sráidbhailte Beaga

An Chillín Liath, An Gleann, An Bunán, Cathair Dónall, An Siopa Dubh, An Cromán, Gleann Chárthaigh, Na Cealla, Cill Ghobnait, An Láithreach, Tathuile, An Teampall Nua agus Tuath Ó Siosta.

 

Tiocfaidh LAP Cheantar Bardasach Neidín nua in ionad LAP Iarthar Uíbh Ráthach 2019-2025, LAP Limistéar Feidhme Chill Orglan 2010-2016, LAP Limistéar Feidhme Neidín 2010-2016, agus Pleananna Limistéar Feidhme Chathair Saidhbhín, an Choireáin agus na Snadhma 2013-2019.

Tugtar cuireadh d’aighneachtaí nó do thuairimí ar dhréacht LAP MD Neidín ó bhaill den phobal agus ó pháirtithe leasmhara eile. Cuirtear fáilte roimh leanaí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar spéise leanaí, aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt. Déanfar gach aighneacht nó tuairim scríofa a mheas ag an Údarás Pleanála roimh an Plean a dhéanamh.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh le linn na tréimhse ó Dhéardaoin an 31ú Lúnasa go dtí Dé hAoine an 3ú Samhain 2023 (síneadh ar an dáta deireanach).

D’ullmhaigh an tÚdarás Pleanála tuarascálacha comhshaoil ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an gcomhshaol chun Plean Ceantair Áitiúil nó plean leasaithe a chur i bhfeidhm agus go measfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis na dtuarascálacha comhshaoil a rinneadh chuig an t-údarás pleanála laistigh den tréimhse sonraithe sa bhfógra.

Beidh leagan Gaeilge de Phlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín ar fáil nuair a ghlacfar leis an bplean.

Tá Dréachtphlean Ceantair Áitiúil ar fáil le scrúdú ag na háiteanna seo a leanas:

1.

https://consult.kerrycoco.ie/

2.

Leabharlanna Chathair Saidhbhín, Neidín & Chill Orglan

 

3.

Seomra 13, An Roinn Pleanála, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí

 

Laethanta Oscailte um Chomhairliúchán Poiblí

Beidh lá oscailte breise curtha ar bun chun rannpháirtíocht bhreise a fháil ón bpobal ar Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029 in Óstán an Royal, Baile an Ridire ó 3pm go 8pm ar an gCéadaoin an 4ú Deireadh Fómhair 2023.

Tugtar cuireadh don phobal agus do ghrúpaí spéise freastail ar laethanta oscailte a bheidh ar bun sna háiteanna seo a leanas:

 

Suíomh

Dáta

Oifig Cheantair Chill Orglan

Déardaoin an 14ú Meán Fómhair 2023 ó 3pm go 6.30pm

Leabharlann Chathair Saidhbhín

Déardaoin an 21ú Meán Fómhair 2023 ó 3pm go 6.30pm

Ionad Ealaíon Carnegie, Neidín

Dé Céadaoin an 27ú Meán Fómhair 2023 ó 3pm go 6.30pm

 

Aighneachtaí

Is bealach comhoibríoch é an próiseas pleanála agus táimid ag lorg do thuairimí.

Cuireann Comhairle Contae Chiarraí fáilte leis seo chuig aon pháirtí spéise aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt maidir le Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-2029, i scríbhinn nó go leictreonach tríd an suíomh gréasáin seo, chuig an Údarás Pleanála idir Déardaoin an 31ú Lúnasa 2023 go Dé hAoine 13ú Deireadh Fómhair an 3ú Samhain 2023 (an dá dháta sin san áireamh). 

 

Aighneacht a Dhéanamh

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt:

Ar líne 

Anseo sa bhformáid leictreonach ar an suíomh gréasáin tiomnaithe:

 

ar https://consult.kerrycoco.ie/ tríd an fheidhm ‘Aighneacht a Dhéanamh’ a bhrú. 

I Scríbhinn

I scríbhinn chuig: Damien Ginty, Pleanálaí Sinsearach, An tAonad um Phleanáil Polasaí, Comhairle Contae Chiarraí, Ráth Teas, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92H7VT. 

Ba chóir aighneachtaí i scríbhinn a bheith marcáilte go soiléir le ‘Dréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín’.

Déan d’aighneacht ar mheán amháin le do thoil i.e. ar an tairseach ar líne nó ar chóip chrua. Ní ghlacfar le haighneachtaí ar ríomhphost.

Is é an spriocdháta chun gach aighneacht a fháil ná Dé hAoine an 3ú  Samhain 2023

Agus aighneacht nó tuairim idir lámha agat, tabhair do d’aire an méid seo a leanas:

  • CUIRTEAR COMHAIRLE LÁIDIR ORT D’AIGHNEACHT A DHÉANAMH CHOMH LUATH AGUS IS FÉIDIR LEAT.
  • Ba chóir aighneachtaí nó gnéithe d’aighneachtaí a bhaineann le Tuarascálacha Comhshaoil (Tuarascáil Chomhshaoil, Tuarascáil Tionchair Nádúrtha, Measúnú Straitéiseach i gcás Tuilte) a mharcáil go soiléir mar sin.
  • Ba chóir go mbeadh d’ainm agus do sheoladh in éineacht le haighneacht nó tuairim agus léarscáil (más infheidhme), agus más gá, sonraí ar aon eagraíocht, grúpa pobail nó comhlacht etc., a bhfuil tú mar ionadaí orthu.
  • Déan d’aighneacht ar mheán amháin le do thoil i.e. ar an tairseach ar líne nó ar chóip chrua.
  • Beidh gach aighneacht mar chuid de thuarascáil reachtúil ag an bPríomhfheidhmeannach a chuirfear i láthair go comhaltaí tofa Chomhairle Contae Chiarraí.
  • Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar gach aighneacht a fuarthas ar líne de réir na gceanglas d’Acht Pleanála agus Forbartha, 2000 (arna leasú). Ba chóir duit a chinntiú nach bhfuil aon eolas cráiteach, clúmhillteach, nó rúnda, lena n-áirítear eolas rúnda faoi thríú páirtí (maidir leis an tríú páirtí nár tugadh cead é a nochtadh, go sainráite, nó atá go hintuigthe sna tosca) san áireamh i d’aighneacht. Coimeádann Comhairle Contae Chiarraí an ceart aon aighneacht nó cuid de a chur in eagar nach bhfuil ag cloí leis an riachtanas seo. Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar an aighneacht ina iomláine.
  • Ná bíodh aon eolas pearsanta, rúnda nó íogair sna haighneachtaí.
  • Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar gach aighneacht a fuarthas ar líne laistigh de 10 lá oibre tar éis an aighneacht a fháil.
  • NÍ GHLACFAR LE HAIGHNEACHTAÍ DEIREANACHA.

 

Conas an suíomh gréasáin a úsáid

Is féidir leat an roghchlár ar dheis a úsáid chun an chuid den phlean ar mhian leat a fheiceáil a roghnú.

Beidh leagan PDF ar fáil faoi na lonnaíochtaí faoi seach ina mbeidh an téacs a bhaineann leis an lonnaíocht mar aon le leagan PDF den léarscáil chriosaithe faoi seach.

Tá leagan PDF den phlean ar fáil faoi ‘Ábhair’ sa roghchlár. 

Tá léarscáil idirghníomhach ar fáil do Dhréachtphlean Ceantair Áitiúil Cheantar Bardasach Neidín 2023-209 agus is féidir na léarscáileanna seo ar fad a fheiceáil.