Aighneachtaí/Agóidí

Is féidir le duine ar bith aighneacht/tuairim/agóid a chur isteach maidir le comhad pleanála.

Is gá an aighneacht a chur isteach chuig an údarás pleanála, mar aon leis an táille fhorordaithe €20, laistigh de chúig seachtaine ón uair a fhaightear an t-iarratas.

Ba cheart go mbeadh sé ráite go sonrach ann cén t-iarratas lena mbaineann an aighneacht e.g. ainm an fhorbróra, seoladh na forbartha agus, más féidir, an uimhir thagartha phleanála. Is gá don aighneacht a bheith i scríbhinn agus í sínithe. Ní mór ainm agus seoladh an duine/ na heagraíochta atá i mbun na haighneachta a thabhairt agus a léiriú cén seoladh is ceart a úsáid le haghaidh comhfhreagrais maidir leis an iarratas.

Fógra faoi Chlúmhilleadh:  Ba cheart go dtuigfeadh rannpháirtithe i dtuairim/aighneacht/agóid go bhféadfaidh an comhlacht nó an duine is ábhar do na tuairimí, féachaint ar thuairimí a bhaineann le líomhaintí de chineál ar bith i gcoinne duine ainmnithe nó duine nó comhlacht is féidir a aithint ar bhealach eile, mar chlúmhilleadh. Féadfar an dlí a chur ar rannpháirtithe go díreach mar gheall ar aon líomhaintí clúmhillteacha in aighneacht agus ba cheart do dhaoine líomhaintí dá leithéid a sheachaint.

Féadfar aon aighneacht a chuirfear faoi bhráid an Údaráis Pleanála a chur ar fáil don phobal lena hiniúchadh. Tabhair faoi deara, i gcás go dtiocfaidh gníomh dlí chun cinn i gcoinne aon líomhainte a d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach, go bhféadfaidh an tÚdarás Pleanála slánaíocht a lorg ón duine a bhfuil an líomhaint á déanamh aige nó aici. Ba cheart a thuiscint nach cúram don Údarás Pleanála ach saincheisteanna a bhaineann le pleanáil agus forbairt chuí an limistéir agus nach mbaineann barúlacha de ghnáth lena chuid pléití.