Próiseas Iarratais Pleanála

Faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2018, forchuirtear oibleagáid cead pleanála a fháil le haghaidh forbartha, de réir mar a shainmhínítear faoin reachtaíocht phleanála. Tá an próiseas iarratais pleanála leagtha amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2019. Glactar le hiarratais tríd an bpost nó ag an gcuntar poiblí sa Rannóg Pleanála ag Ceanncheathrú na Comhairle. Déantar iarratais a mheas de réir na bhforálacha reachtúla agus ag féachaint do phleanáil agus forbairt chuí an limistéir agus d’fhorálacha Phlean Forbartha an Chontae.

Is feidhm de chuid an Phríomhfheidhmeannaigh é an cinneadh foirmiúil a dhéanamh maidir le hiarratais, ag féachaint do thuarascálacha réitithe ag foireann riaracháin agus theicniúil na Comhairle. Is féidir leis an iarratasóir nó le tríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh den Chomhairle nó i gcoinne aon choinníoll a cheanglaítear le cinneadh. Tá an achomharc seo le déanamh chun an Bhord Pleanála, laistigh de cheithre seachtaine.

Tá comhaid phleanála ó 2015 ar aghaidh le fáil ag Áras an Chontae agus is féidir iad a scrúdú ag an gcuntar poiblí. Stóráiltear comhaid ó bhlianta roimhe sin go seachtrach, ach is féidir iad a ordú ach glaoch ar an oifig agus de ghnáth bíonn siad ar fáil le scrúdú laistigh de thrí lá oibre. Tá táille aisghabhála €15 in aghaidh an chomhaid le híoc do chomhaid ó 2010 nó aon bhliain roimhe sin.

Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh ag an gcuntar poiblí ar na bealaí seo a leanas: Airgead Tirim / Seic / Dréacht Bainc / Ordú Poist / Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair.