Oifigigh Phoiblí Ainmnithe – An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Síníodh ina dhlí an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 Dé Céadaoin, an 11 Márta 2015. Tháinig an tAcht i ngníomh an 1 Meán Fómhair 2015.

Is é is cuspóir leis an Acht ná foráil a dhéanamh maidir le Clár Brústocaireachta, agus é bunaithe ar an ngréasán, chun eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le gnóthaí sonracha beartais nó reachtaíochta nó maidir le cinntí ionchais. I mbeagán focal, tá an Clár Brústocaireachta ceaptha le heolas a chur ar fáil don phobal maidir le cé hiad na daoine atá ag déanamh brústocaireachta, cé hiad na daoine ar a bhfuil brústocaireacht á déanamh agus cad iad na rudaí ar a bhfuil brústocaireacht á déanamh.

Tá gach eolas maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil le fáil trí chliceáil ar www.lobbying.ie

Tá an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 ar fáil ag an nasc seo a leanas:

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2015/act/5/enacted/en/pdf

Ceanglaítear ar Chomhairle Contae Chiarraí faoi Alt 6(4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil liosta a fhoilsiú ina dtaispeánfar ainm, ról agus freagrachtaí gach duine ar “oifigeach poiblí ainmnithe” den chomhlacht é nó í. Is é is cuspóir leis an liosta ná:

  • Ceadú do dhaoine den phobal sainaithint a dhéanamh ar na daoine sin ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad; agus
  • Mar acmhainn ag na brústocairí sin a mbeidh tuairisceán á dhéanamh acu ar an gclár agus ar féidir go mbeidh gá acu le sonraí d’oifigeach poiblí ainmnithe.

Áirítear le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe an Príomhfheidhmeannach ar Údarás Áitiúil, Stiúrthóir Seirbhísí agus Ceannasaí Airgeadais. Dá bhrí sin, is Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad Buíon Ardbhainistíochta Chomhairle Contae Chiarraí agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Chiarraí.

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie