Nochtadh Cosanta

Ba i Mí Iúil na Bliana 2014 a bhí tosach feidhme an Achta um Nochtadh Cosanta 2014. Is é is cuspóir leis an reachtaíocht ná cabhrú ó thaobh oibrithe a spreagadh leis an éagóiritheoireacht a thuairisciú trí chosaint ar an bpíonósú a chur ar fáil do na hoibrithe sin.

Is féidir le hoibrí nochtadh a dhéanamh faoin Acht maidir le gnó ina gcreideann sé nó sí gurb ann d’éagóiritheoireacht san áit oibre (a shainmhínítear faoin Acht). I ndálaí dá leithéid, tugtar faoin Acht cosaint ar an bpíonósú don oibrí mar gheall ar an nochtadh a dhéanamh.

Ní rud é an tAcht a thagann in ionad na gcóras reatha um thuairisciú sainordaitheach agus ní rud é a thagann in ionad na ngnásanna casaoide reatha. Tá sé ceaptha go bpléifear faoin Acht le ceisteanna ar mhaithe le leas an phobail agus níl sé ceaptha go bpléifear le ceisteanna ar mhaithe le leas príobháideach.

Tá Beartas agus Nós Imeachta Eatramhach um Nochtadh Cosanta i bhfeidhm ag Comhairle Contae Chiarraí.

 

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie