Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Údaráis Áitiúil Chomhairle Contae Chiarraí 2024-2029

FÓGRA AR DHRÉACHTPHLEAN GNÍOMHAITHE AR SON NA HAERÁIDE AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL CHOMHAIRLE CONTAE CHIARRAÍ 2024-2029

Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 an Údaráis Áitiúil ullmhaithe ag Comhairle Contae Chiarraí, de bhun Roinn 16 d’Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt ar Charbóin Íseal (Leasú) 2021.

Baineann an Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na haeráide le Contae Chiarraí.  Tá sé leagtha amach faoin gcaoi ar féidir leis an údarás áitiúil réimse bearta maolaithe, glactha agus gníomhaithe ar son na haeráide a chur chun cinn le go mbeidh Cuspóir Aeráide Náisiúnta foriomlán an Rialtais bainte amach agus go mbeidh Éire seasmhach ó thaobh na haeráide, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus neodrach ó thaobh na haeráide gan níos déanaí ná deireadh 2050.

Comhairliúchán Poiblí

Tá an Chomhairle ag lorg agus ag cur fáilte roimh thuairimí ón bpobal chun bonn eolais a chur faoi na céimeanna déanacha de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029.  Tá comhairliúchán poiblí ar bun ar dhréachtphlean agus na tuarascálacha comhshaoil a ghabhann leo, ón 19ú Deireadh Fómhair go dtí an 1ú Nollaig (an dá lá sin san áireamh) 2023.

Beidh Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, Tuarascáil Chomhshaoil ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Tuarascáil Tionchair Nádúrtha um Mheasúnú Iomchuí, ar taispeáint agus ar fáil don phobal le scrúdú ar na dátaí thuas ar an tairseach comhairliúcháin poiblí agus sna háiteanna seo a leanas: 

  • Ag an gCuntar Pleanála Poiblí, Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí (le linn ghnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine, gan Laethanta saoire Bainc a áireamh),
  • I Leabharlanna Brainse an Chontae seo a leanas le linn ghnáthuaireanta oscailte (gan Laethanta saoire Bainc a áireamh):
  • Trá Lí
  • An Daingean/Leabharlann Dhaingean Uí Chúis
  • Baile an Bhuinneánaigh
  • Cill Orglan
  • Cill Airne,
  • Cathair Saidhbhín
  • Oileán Ciarraí
  • Neidín, agus
  • Lios Tuathail

 

Imeacht Buail Isteach um Chomhairliúchán Poiblí

Tugtar cuireadh don phobal agus do ghrúpaí spéise bualadh leis an bhfoireann ghníomhaithe ar son na haeráide chun an plean a phlé sna háiteanna seo a leanas:

Suíomh

Am agus Dáta 

An Daingean/Leabharlann Dhaingean Uí Chúis

Déardaoin an 2 Samhain, 6.30pm -7.30pm

Leabharlann Thrá Lí

Dé Máirt an 14ú  Samhain, 6.30pm-8pm

Leabharlann Chathair Saidhbhín

Déardaoin an 16ú, 6.30pm-8pm

Leabharlann Chill Airne

Dé Máirt an 21ú Samhain, 6.30pm-8pm

Leabharlann Lios Tuathail

Déardaoin an 23ú  Samhain, 6.30pm-8pm

 

Aighneacht a Dhéanamh

Tugtar cuireadh duit aighneacht nó tuairim a thabhairt ar dhréachtphlean agus na tuarascálacha comhshaoil a ghabhann leo, ón 19ú Deireadh Fómhair go dtí an 1ú Nollaig (an dá lá sin san áireamh) 2023, tríd an dá rogha seo amháin.

AR LÍNE

Is féidir aighneacht scríofa a dhéanamh go leictreonach trí Thairseach Ar Líne na Comhairliúchán Poiblí de chuid na Comhairle: https://consult.kerrycoco.ie (suas go 11.59pm ar an Aoine an 1ú Nollaig); 

I SCRÍBHINN CHUIG

An tAonad Gníomhaithe ar son na hAeráide, Comhairle Contae Chiarraí, Eastát Tionsclaíochta Woodland, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93XF98.

Ba chóir aighneacht a mharcáil le ‘Dréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Údaráis Áitiúil Chomhairle Contae Chiarraí 2024-2029’.

(Gan níos déanaí ná 5.00pm ar an Aoine an 1ú Nollaig 2023.

NÓTA: Déan d’aighneacht ar mheán amháin le do thoil i.e. sa phost/ar líne. Ní ghlacfar le haighneachtaí ar ríomhphost.  

Agus aighneacht nó tuairim idir lámha agat, tabhair do d’aire an méid seo a leanas:

    • CUIRTEAR COMHAIRLE LÁIDIR ORT D’AIGHNEACHT A DHÉANAMH CHOMH LUATH AGUS IS FÉIDIR LEAT
    • Ba chóir go mbeadh d’ainm agus do sheoladh in éineacht le haighneacht nó tuairim agus, más gá, sonraí ar aon eagraíocht, grúpa pobail nó comhlacht a bhfuil tú mar ionadaí orthu,
    • Tugtar spreagadh ar leith do leanaí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar spéise leanaí, aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt,  
    • Ba chóir aighneachtaí nó gnéithe d’aighneachtaí a bhaineann le Tuarascálacha Comhshaoil (Tuarascáil Chomhshaoil SEA agus Tuarascáil Tionchair Nádúrtha) a mharcáil mar sin,
    • Déan d’aighneacht ar mheán amháin le do thoil i.e. ar an tairseach ar líne nó ar chóip chrua.
    • Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar gach aighneacht a fuarthas ar líne laistigh de 5 lá oibre tar éis an aighneacht a fháil.  Ba chóir a chinntiú nach bhfuil aon eolas cráiteach, clúmhillteach, nó rúnda, lena n-áirítear eolas rúnda faoi thríú páirtí (maidir leis an tríú páirtí nár tugadh cead é a nochtadh, go sainráite, nó atá go hintuigthe sna tosca) san áireamh i d’aighneacht.  Coimeádann Comhairle Contae Chiarraí an ceart aon aighneacht nó cuid de a chur in eagar nach bhfuil ag cloí leis an riachtanas seo. Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar an aighneacht ina iomláine/agus/nó le hatheagrú laistigh de 5 lá oibre tar éis an aighneacht a fháil.
    • Déantar aighneachtaí nó tuairimí a thabhairt maidir leis an Dréachtphlean laistigh den tréimhse atá luaite, a mheas sula ndéanfar an Plean,
    • Ní mheasfar aighneachtaí nó tuairimí DÉANACHA. Cuirtear comhairle láidir ort d’aighneacht a dhéanamh chomh luath agus is féidir leat, agus 
    • Beidh gach aighneacht mar chuid de thuarascáil reachtúil ag an bPríomhfheidhmeannach a chuirfear i láthair ag comhaltaí tofa Chomhairle Contae Chiarraí.

 

Cuirtear comhairle ort le do thoil go bhfoilseofar d’aighneacht ina iomláine/agus/nó le hatheagrú laistigh de 5 lá oibre tar éis an aighneacht a fháil.

Cosaint Sonraí

Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ón gcomhairliúchán seo faoi réir na bhforálacha den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI) Rochtain ar Fhaisnéis ar na Rialacháin Chomhshaoil 2007-2018 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Dáta an Fhógra Poiblí: Déardaoin, an 19ú Deireadh Fómhair 2023.

 

Déan Teagmháil

Comhairle Contae Chiarraí,
Áras an Chontae,
Ráth Teas, Trá Lí,
Co. Chiarraí,
Guthán: 066 7183500,
r-phost: info@kerrycoco.ie