Seiceálacha Sláinte Lár an Bhaile

Abair do Mhéan!

Moltar do bhaill den phobal agus d’úinéirí gnó páirt a ghlacadh agus a dtuairimí maidir lena n-eispéiris i lár an bhaile a roinnt. Is deis atá ann chun lár bailte a mhúnlú agus a threisiú amach anseo, agus a chinntiú gur áiteanna mealltacha iad chun a bheith ag obair iontu, chun cónaí iontu agus chun cuairt a thabhairt orthu
Glac páirt inár suirbhé poiblí ar Daingean Uí Chúis:

Nasc le Ceistneoir Dhaingean Uí Chúis:  https://bit.ly/SPanDaingin

Dúnann an suirbhé an 8ú Márta 2025

Daingean Uí Chúis

Daingean Uí Chúis

Tá Hub Planning ceaptha ag Comhairle Contae Chiarraí chun seiceálacha Sláinte i Lár an Bhaile a dhéanamh i mbaile Dhaingean Uí Chúis agus i mBaile an Bhuinneánaigh. Tá an obair seo á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin mBeartas Lár Bailte ar dTús.

Soláthraíonn Seiceálacha Sláinte Lár an Bhaile bonnlíne, chun cabhrú le monatóireacht a dhéanamh agus dlús a chur le forbairt lár an bhaile amach anseo. Cuirfidh na Seiceálacha seo le staidéar a rinneadh roimhe seo i mbailte aonair. Cuimseofar san obair a bheidh á déanamh mar chuid de Sheiceálacha Sláinte Lár an Bhaile:

  • Suirbhéanna Talamhúsáide chun eolas a bhailiú faoi na rátaí folúntais sa bhaile.
  • Baile An Bhuinneánaigh

    Baile An Bhuinneánaigh

    Suirbhéanna miondíoltóra chun eolas a bhailiú faoi na leibhéil de ghníomhaíocht tráchtála i láthair na huaire agus faoin dearcadh tráchtála.

  • Comhaireamh líon na gcoisithe chun líon na gcuairteoirí a thugann cuairt ar lár an bhaile a thaifeadadh.
  • Suirbhéanna lucht siopadóireachta chun eispéireas agus sástacht cuairteoirí a rátáil.

 

 

Déan Teagmháil

Jean Foley,
Town Regeneration Officer,
Comhairle Contae Chiarraí
Ph:  066 719 1332 or 066 718 3836
E: tcf@kerrycoco.ie