Glantachán Bruscair
Is clár oideachais dírithe ar an timpeallacht é Scoileanna Glasa atá á reáchtáil ag An Taisce i gcomhar le hÚdaráis áitiúla ar fud na hÉireann. Is clár fadtéarmach atá á threorú ag mic léinn é Scoileanna Glasa, agus baineann mic léinn tairbhe as ionchur ón bpobal trí chéile.
Tugann Scoileanna Glasa deis do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna ról lárnach a bheith acu sna hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an timpeallacht a chosaint, agus díríonn mic léinn ar na 10 dtéama seo a leanas:
- Bruscar agus Dramhaíl
- Fuinneamh
- Uisce
- Taisteal
- Bithéagsúlacht
- Saoránacht Dhomhanda – Bruscar agus Dramhaíl
- Saoránacht Dhomhanda – Fuinneamh
- Saoránacht Dhomhanda – Timpeallacht Mhuirí
- Saoránacht Dhomhanda – Taisteal
- Saoránacht Dhomhanda – Bia agus Bithéagsúlacht
Tá stádas Scoileanna Glasa bronnta ar go leor scoileanna i gCiarraí agus tá Bratach Ghlas, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aici, ar crochadh acu mar fhianaise ar a dtiomantas don timpeallacht.
Tá an t-eolas ar fad maidir le Scoileanna Glasa, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, lámhleabhar, ábhair thacaíochta, le fáil ag Scoileanna Glasa.
Déan teagmháil linn
An Rannóg Comhshaol,
Sráid Maine, Trá Lí,
Co. Chiarraí
Ph: 066 716 2000
Bruscar: 1800/326228
Fax: (066) 7120663
r-phost: environ@kerrycoco.ie